Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun bualadh leis an tAire Oideachais, An Teachta Dála Norma Foley

29 Jun 2021, 15:05

Ag a chruinniú amárach, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena bhreithniú ar an dá ábhar seo a leanas:

(1) ‘Múinteoirí nua-cháilithe agus a gcaighdeán Gaeilge agus deontais le hábhair oidí tabhairt faoi thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-oiliúint’, agus

(2) ‘Curaclam nua na hArdteistiméireachta: T1 agus T2’.

Tosóidh an cruinniú ar 12.30 iarnóin i Seomra na Dála, agus beidh an tAire Oideachais, An Teachta Dála Norma Foley Uasal, agus oifigigh ón Roinn Oideachais i láthair.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:  “Le cúpla mí anuas tá mo Chomhchoiste tar éis breithniú go grinn ar na hábhair thuas, agus tá sé tar éis tuairimí agus moltaí roinnt eagraíochtaí ábhartha a chloisteáil le linn na seachtainí  sin. Ag ár gcruinniú amárach, is mian linn na tuairimí agus na moltaí sin a phlé leis an Aire.

“Is léir go bhfuil an-mhíshástacht go forleathan i measc an phobail, agus i measc na múinteoirí féin, leis an gcaighdeán Gaeilge atá ag múinteoirí i gcoitinne, agus leis an easpa tacaíochta atá á tabhairt do mhúinteoirí chun an caighdeán sin a ardú go leibhéal ag a bheidh sé ar chumas múinteoirí, agus múinteoirí nua-cáilithe, an Ghaeilge a mhúineadh dá ndaltaí ar shlí chumasach agus éifeachtach, agus ar shlí a chinnteofar go mbeidh cumas ard Gaeilge ag daltaí agus a 13/14 bliana críochnaithe acu i gcóras na bunscoile agus na meánscoile in Éirinn.

“Is léir freisin go bhfuil an-mhíshástacht le Curaclam nua na hArdteistiméireachta, agus an neamhréiteacht agus an comhbhréagnú focal atá ann idir an T1 agus an T2, agus an gcóras agus an luach saothair, i gcomhthéacs pointí i gcomhair an oideachais tríú-leibhéil. Mar atá sé molta faoi láthair, níl an Curaclam nua inmholta ná oiriúnach don fheidhm atá leis.

“Is mian liom agus le mo chomhghleacaithe ar mo Chomhchoiste an dá ábhar thábhachtacha seo a phlé go grinn leis an Aire agus a iarraidh uirthi dul i ngleic leis an dhá fhadhb seo ar bhonn práinne.”

Tabhair do d’aire go gcraolfar an cruinniú ar chainéal 1 ó Sheomra Coiste 1 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Top
Share