Skip to main content
Normal View

Meastacháin – Vóta 33 – Clár C – Gaeltachta á mbreithniú den chéad uair ag Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil

6 Jul 2021, 15:27

Ag a chruinniú amárach, déanfaidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil a bhreithniú ar Mheastachán Athbhreithnithe Breise i gcomhair Seirbhísí Poiblí 2021 Vóta 33 – Clár C – Gaeltacht (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Beidh an cruinniú ag tosú ag 3.00 iarnóin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:”Is é seo a chéad uair a tugadh an cúram seo don Roghchoiste Dála, agus is é seo an chéad uair a bheidh an breithniú ar na Meastacháin a bhaineann leis an nGaeilge scartha amach go sonrach ó Mheastacháin iomlána na Roinne a bhfuil an Ghaeilge mar fhochúram aici.

“Is forbairt fhorásach dhearfach é seo a léiríonn tábhacht na Gaeltachta in Éirinn agus an ról lárnach atá ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge (idir Roghchoiste na Dála agus an Comhchoiste araon) mar ionadaí agus mar Choiste Faireacháin ar son mhuintir na Gaeltachta agus ar son Phobal Labhartha na Gaeilge, fud fad oileán na hÉireann.

“Tugaim faoi deara gurb é €78.6m an leithdháileadh athbhreithnithe ar an réimse clár a bhaineann leis an nGaeltacht i gcomhair na bliana 2021, agus tá súil agam go mbeidh torthaí dearfacha le feiceáil de bharr an t-airgead sin a úsáid.

“Mar sin is mian liom, agus is mian le mo chomhghleacaithe ar an Roghchoiste, na gnéithe lárnacha agus tábhachta de na cláir ábhartha a phlé leis an Aire, agus a chinntiú nach gcailltear aon deis chun an Ghaeltacht, agus pobal na Gaeltachta go mór mór, a chur chun cinn agus a fhorbairt.

“I mo thuairimse féin, is é an rud is tábhachtaí i dtodhchaí na Gaeltachta ná líon na gcainteoirí laethúla a choimeád slán agus a mhéadú ó bhliain go bliain; líon na gcainteoirí laethúla i measc an chéad ghlúine eile ach go háirithe. Agus na cláir éagsúla á n-imscrúdú againn amárach, is é sin an chloch is mó a bheidh ar ár bpaidrín é.”

Tabhair do d’aire go gcraolfar an cruinniú ar chainéal 1 ó Sheomra Coiste 1 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.

Top
Share