Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar Chláir Nuachta Ghaeilge le Raidió Teilifís Éireann agus TG4

20 Jul 2021, 13:09

Beidh cruinniú idir Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus ionadaithe ó RTÉ agus TG4 amárach, Dé Céadaoin an 21 Iúil chun plé a dhéanamh ar chláir nuachta Ghaeilge ar an dá stáisiún. Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra na Dála ar 3.30pm.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Aengus Ó Snodaigh: “Sa lá atá inniu ann, agus sinn i ré na bréagnuachta agus na mífhaisnéise, tá sé níos tábhachtaí ná riamh foinsí nuachta atá cruinn agus iontaofa a bheith againn. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil straitéiseacha agus beartais láidre i bhfeidhm maidir le cláir nuachta agus cúrsaí reatha den chéad scoth a fhorbairt agus a sholáthar in dá theanga oifigiúla an Stáit.

Cuireann mo Chomhchoiste fáilte roimh an gcruinniú seo le RTÉ agus TG4 chun plé a dhéanamh ar chláir Ghaeilge agus ábhar nuachta Gaeilge ar an dá stáisiún, ar mhéid, caighdeán agus ilghnéitheacht na gclár sin, agus chun iad a chur i gcomparáid leis an ábhar nuachta Béarla a sholáthraíonn RTÉ. Tá sé i gceist agam scrúdú a dhéanamh ar na hacmhainní, an trealamh agus an tacaíocht atá ar fáil d’iriseoirí agus d’fhoirne nuachta a fheidhmíonn in dá theanga oifigiúla an Stáit, agus fáil amach an bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do gach clár nuachta a sholáthraíonn RTÉ agus TG4, agus an bhfuil tuairisciú imeachtaí nuachta don lucht féachana a bhfuil Gaeilge acu, agus atá dátheangach, ar aon chéim leis an nuacht a sholáthraítear don lucht féachana nach bhfuil ach Béarla amháin acu.

Tá sé i gceist agam freisin fiosrú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na struchtúir agus na beartais a bhfuil gá leo i bhfeidhm ag RTÉ agus TG4 chun a áirithiú go bhfuil cláir nuachta i nGaeilge á bhforbairt faoi láthair, agus go ndéanfar iad a fhorbairt go leanúnach ar gach ardán sna meáin amach anseo.”

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Féach ar an gcruinniú go beo.

Top
Share