Skip to main content
Normal View

An Fochoiste um Meabhairshláinte le Tuarascáil Eatramhach ar Covid-19 agus ar an éifeacht atá aige ar Sheirbhísí Meabhairshláinte sa Phobal a Sheoladh

28 Jul 2021, 12:33

Tá an Fochoiste um Meabhairshláinte tar éis a Thuarascáil Eatramhach ar Covid-19 agus ar an éifeacht atá aige ar Sheirbhísí Meabhairshláinte sa Phobal a sheoladh.

Sa tuarascáil seo ón bhFochoiste, iarrtar ar an Roinn Sláinte bearta éigeandála a thabhairt isteach chun déileáil leis an mborradh reatha faoin éileamh ar thacaíochtaí agus ar sheirbhísí meabhairshláinte, lena n-áirítear foireann tacaíochta 24 uair an chloig chun féinmharú a chosc atá oiriúnach dá cuspóir.

Iarrtar sa tuarascáil freisin go ndéanfar athbhreithniú cúlghabhálach ar thionchar na srianta a bhaineann le Covid-19 ar chúram maolaitheach, ar thacaíochtaí deiridh saoil agus ar shochraidí ó thaobh meabhairshláinte de, agus fianaise ag teacht chun cinn maidir leis an bhfulaingt agus na héifeachtaí fadtéarmacha ar an meabhairshláinte a eascraíonn as gan a bheith in ann na mairbh a chaoineadh mar is ceart.

Áirítear na hiarrataí seo i measc na ndeich moladh a dhéantar sa tuarascáil eatramhach chun aghaidh a thabhairt ar an méadú, a bhaineann leis an bpaindéim, ar éileamh ar sheirbhísí meabhairshláinte.

Dúirt Cathaoirleach an Fhochoiste, an Seanadóir Proinséas Ní Dhuibh: “Tá baint idir Covid-19 agus na srianta sláinte poiblí a cuireadh i ngníomh mar fhreagairt don phaindéim agus méadú ar shaincheisteanna meabhairshláinte, lena n-áirítear an bhuairt agus an dúlagar, agus méadú ar an éileamh ar sheirbhísí meabhairshláinte.

“Caithfear cluas éisteachta a thabhairt do dhaoine atá ag obair ar an talamh, ar an leibhéal áitiúil, i bpobail uirbeacha agus tuaithe araon ar fud na tíre, agus atá ag féachaint le freastal ar an éileamh sin, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá acu maidir le seirbhísí tacaíochta meabhairshláinte.

“Déantar moltaí sa tuarascáil eatramhach atá á seoladh inniu mar fhreagairt do na daoine imníocha seo, ó ghrúpaí a oibríonn i réimse na dtacaíochtaí meabhairshláinte agus ó fhaisnéis faoi na seirbhísí a sholáthraíonn siad do phobail leochaileacha, agus go háirithe na dúshláin bhreise atá acu de dheasca Covid-19.”

Dúirt an Seanadóir Ní Dhuibh: “Bhíodh seirbhísí tacaíochta meabhairshláinte rud beag easnamhach i gcónaí, ach tá sé soiléir go bhfuil gá le gníomh práinneach anois níos mó ná riamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin. Ní mór dul i ngleic ar bhonn práinne leis na liostaí feithimh fada chun rochtain a fháil ar chúram. Tá bacainní ar dhaoine an cúnamh cuí a theastaíonn uathu a fháil nuair is gá, agus bealach amháin chun na bacainní sin a bhaint is ea rochtain uilíoch saor in aisce ar chomhairleoireacht.”

Áirítear ar na moltaí eile a dhéantar sa tuarascáil an gá atá ann chun na nithe seo a leanas a áirithiú:

·       Go bhforbróidh seirbhísí stáit plean lena n-áiritheofar go mbeidh seirbhísí meabhairshláinte ríthábhachtacha ar fáil, agus go mbeidh rochtain orthu mar ábhar tosaíochta.

·       Go ndéanfar méadú ar tacaíochtaí maoiniúcháin an Stáit, ar bhainistíocht agus ar phleanáil ildisciplíneach i gcomhair seirbhísí meabhairshláinte chun a áirithiú go gcuirfear seirbhísí cuí agus inrochtana ar fáil don phobal.

·       Go ndéanfar méadú ar na hacmhainní atá ar fáil do shainseirbhísí meabhairshláinte le haghaidh seirbhísí don aos óg, d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus don Lucht Siúil.

·       Go gcuirfear feachtas sláinte náisiúnta i ngníomh lena gcuirtear béim ar andúil, agus go bhforbrófar seirbhís dé-fháthmheasa chuimsitheach, lena n-áirítear comhphleananna cúraim idir seirbhísí andúile agus seirbhísí meabhairshláinte.

·       Go ndíreoidh seirbhísí stáit ar chóngas chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhartha pobail lena ndéantar comhtháthú sóisialta a neartú agus uaigneas a laghdú.

·       Gur gá do ghníomhaireachtaí Stáit plé éifeachtach a dhéanamh le grúpaí pobail eagraithe, agus an obair a dhéanann siad a urramú.

Dúirt an Seanadóir Ní Dhuibh: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na finnéithe ar fad a láithrigh os comhair an Fhochoiste i seisiún príobháideach as a bhfianaise agus as an taithí atá acu ar an talamh, a thug léargas maith do Chomhaltaí an Fhochoiste ar an obair dheacair ach thábhachtach a rinneadh le linn na paindéime, agus a bhíonn fós á déanamh ar bhonn laethúil, agus é sin le hacmhainní teoranta go minic.”

Léigh an tuarascáil iomlán anseo.

Top
Share