Skip to main content
Normal View

Foilsíonn an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid a Thuarascáil Eatramhach Réamh-Bhuiséid, 2022

29 Jul 2021, 16:31

Tá an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid tar éis a Thuarascáil Eatramhach Réamh-Bhuiséid, 2022 a fhoilsiú.

 

I measc na dtuairimí a thugtar agus na moltaí a dhéantar sa tuarascáil, 30 ceann acu san iomlán, tá an iarraidh go méadófar faoi dhó an infheistíocht chaipitil a dhéanfar i dtithíocht phoiblí faoi dhó i mBuiséad 2022.

Tugtar rabhadh sa tuarascáil eatramhach, cé go bhfuil cuma dhearfach ar na coinníollacha agus na réamhaisnéisí eacnamaíocha, gurb ann do phriacail shuntasacha go fóill, lena n-áirítear treochtaí a bheidh i gceist amach anseo i dtaobh víreas Covid-19.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Neasa Ní Argáin TD: “Is croí-fheidhm de chuid Chlár Oibre an Roghchoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid grinnscrúdú Réamh-Bhuiséid a dhéanamh. D’aithin an Coiste roinnt tosaíochtaí buiséadacha agus thug sé breith chun cruinnithe a sheoladh ar thrí ábhar, an costas a bhaineann le hathrú aeráide, caiteachais chánach agus infheistíocht chaipitil. D’aithin an Coiste roinnt saincheisteanna eile freisin le linn na bpléití a bhí aige le déanaí.

“Agus an geilleagar ag téarnamh ón bpaindéim, beidh tacaíocht leanúnach ag teastáil ó roinnt earnálacha, agus tá gá le hinfheistíocht shuntasach ar fud roinnt réimsí lena n-áirítear tithíocht, sláinte, gníomhú ar son na haeráide agus iompar.

“Leanfaidh an Coiste de bheith ag féachaint le feabhas a chur ar an bpróiseas buiséadach chun trédhearcacht agus éifeachtacht cinnteoireachta a fheabhsú. Leanfaidh an Coiste ar aghaidh lena ghrinnscúdú réamh-bhuiséid i mí Mheán Fómhair, agus foilseoidh sé Tuarascáil Deiridh Réamh-Bhuiséid, 2022 i dtús mhí Dheireadh Fómhair.”

I measc na n-ábhar eile ar a ndéantar plé sa tuarascáil tá caiteachais chánach, an straitéis um Fheithiclí Leictreacha, bonneagar a bhaineann leis an aeráid, infheistíocht in iompar poiblí, treochtaí easnaimh agus féich a ndéantar cur síos orthu i Ráiteas Geilleagair an tSamhraidh, muirir phlódaithe, Tuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí agus tuarascálacha Réamh-Bhuiséid ó roinnt Coistí. 

Bunaíodh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid chun ról an Oireachtais maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar an mBuiséad a neartú, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna maicreacnamaíocha agus fioscacha ar cuid de na breithnithe a dhéantar i leith an bhuiséid iad.

Léigh an Tuarascáil Eatramhach Réamh-Bhuiséid, 2022.

Top
Share