Skip to main content
Normal View

An Coiste Oireachtais um Thithíocht chun athchromadh ar ghrinnscrúdú reámh-reachtach ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt, 2021

8 Sep 2021, 15:06

Athchromfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht ar ghrinnscrúdú reámh-reachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Forbairt Cónaithe Mórscála), 2021 ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Déardaoin, an 9 Meán Fómhair.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 1 ar 12.30pm

Tiocfaidh ionadaithe ó Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta (CTF), Institiúid Pleanála na hÉireann (IPÉ), Comh-Aontas Pleanála Daonlathaí Bhaile Átha Cliath agus Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC) i láthair go fíorúil os comhair an Choiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Stíofán Mac Mathúna TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis seo éisteacht le tuairimí údarás áitiúil, pleanálaithe, cónaitheoirí, agus Cumann Foirgneoirí Tithe Teaghlaigh na hÉireann, ar comh-eagraíocht í de chuid CFT, maidir le Scéim Ghinearálta an Bhille.

Tiocfaidh an reachtaíocht bheartaithe in ionad an phróisis tús áite ceada pleanála a tugadh isteach d’Fhorbairtí Straitéiseacha Tithíochta in 2017 chun dlús a chur leis an soláthar tithíochta agus chun cinnteoireacht i dtaobh forbairtí tithíochta mórscála a thabhairt ar ais don údarás áitiúil iomchuí.

Tá taithí phearsanta ag na heagraíochtaí a bheidh os comhair an Choiste agus léirgeas foiréinseach acu ar an bpróiseas pleanála roimh 2017 agus dá éis. Tá an Coiste ag tnúth lena gcuid tuairimí a chloisteáil faoi na heilimintí go léir a bhaineann leis an reachtaíocht nua bheartaithe lena n-áirítear am-scálaí próisis pleanála agus faoin bpróiseas comhairliúcháin réamh-iarratais atá beartaithe.

Is féidir an cruinniú a fheiceáil beo.

Top
Share