Skip to main content
Normal View

Foilsíonn Comhchoiste Oireachtais a thuarascáil ‘Todhchaí na gColáistí Samhraidh Gaeilge – Práinn ar leith i gcomhair Cobhsaíocht a fháil láithreach ón Rialtas

4 Oct 2021, 11:29

Ar an 27 Meán Fómhair 2021, leag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a thuarascáil ‘Todhchaí na gColáistí Samhraidh Gaeilge agus an Tacaíocht atá á hiarraidh ina Leith’ faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: "Chomhaontaigh mo Chomhchoiste 22 mholadh mar chuid dár dtuarascáil. Tá tábhacht ag baint leis na moltaí seo go léir, ach is mian liom aird an Rialtais agus an phobail a dhíriú go sonrach ar mholadh 3 sa tuarascáil, ar moladh é a bhfuil tábhacht agus práinn ar leith ag baint leis: -

Moladh 3:           Molann an Comhchoiste go gcuirfidh Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán Ciste Cobhsaíochta ar fáil láithreach in 2021 chun tacú le cobhsaíocht earnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht le linn phaindéim an Choróinvíris, díreach mar an gcéanna leis an gCiste Cobhsaíochta a chuir an tAire ar fáil i gcomhair na bliana 2020.

“Tá feidhm lárnach agus thar a bheith tábhachtach ag na Coláistí Samhraidh Gaeilge i ngeilleagar na Gaeltachta agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Gan iad, bheadh taca mór dár n-oidhreacht Ghaeilge i bpriacal, agus tá muid ag brath orthu mar thionscail a thugann tacaíocht eacnamaíoch leanúnach do phobal na Gaeltachta ó bhliain go bliain. Chomh maith agus chomh tábhachtach leis sin, tá Pobal Labhartha na Gaeilge, ar fud na hÉireann, ag brath ar na Coláistí Samhraidh Gaeilge mar thobar na Gaeilge agus mar áis d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge sa ghlúin seo agus sna glúnta ar aghaidh.

“Ach tá na Coláistí Samhraidh Gaeilge ag feidhmiú le dhá bhliain anuas gan aon teacht isteach airgid acu ó dhaltaí, agus ní féidir leo leanúint ar aghaidh mar sin, nó fanacht ar oscailt go dtí 2022, mura gcuirfidh an Rialtas Ciste Cobhsaíochta ar fáil dóibh láithreach in 2021, chun tacú lena gcobhsaíocht le linn phaindéim an Choróinvíris, díreach mar an gcéanna leis an gCiste Cobhsaíochta a chuir an tAire ar fáil i gcomhair na bliana 2020.

“Iarraim anois ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán amhlaidh a dhéanamh láithreach.”

Tá an tuarascáil ón gComhchoiste ar fáil ar shuíomh idirlín an Chomhchoiste.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Chomhchoiste anseo.

Top
Share