Skip to main content
Normal View

Caighdeán Gaeilge na hArdteistiméireachta agus Gaeilge na nÁbhar Oidí agus na Múinteoirí

30 Nov 2021, 12:45

Le cúpla mí anuas, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis imscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar stádas agus caighdeán na Gaeilge san Ardteistiméireacht, agus ar chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí agus na múinteoirí.

Mar thoradh ar an obair fhiúntach seo, tá an Comhchoiste tar éis tuarascáil faoin teideal ‘T1 agus T2 na hArdteistiméireachta don Ghaeilge agus Caighdeán Gaeilge na nÁbhar Oidí agus an Tacaíocht atá de dhíth orthu’ a chomhaontú. Tá sé comhaontaithe ag an gComhchoiste an tuarascáil seo, ina bhfuil 21 mholadh leagtha amach, a leagan faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, mar aighneacht ón gComhchoiste i gcomhair a chomhairliúcháin ar na dréacht-sonraíochtaí i gcomhair Ghaeilge na hArdteistiméireachta.

Deir Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go dtugann na moltaí seo aghaidh ar na gnéithe is tábhachtaí i leith stádas agus chaighdeán na Gaeilge san Ardteistiméireacht, agus i leith chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí agus na múinteoirí.

Tá an Comhchoiste den tuairim nár cheart don Aire Oideachais glacadh le haon athruithe sa churaclam Gaeilge den Ardteistiméireacht, an moladh i gcomhair na sonraíochtaí T1 agus T2 san áireamh, gan imscrúdú iomlán a dhéanamh ar na nithe seo a leanas roimh ré: -

·             Cur i bhfeidhm na sonraíochtaí T1 agus T2 don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach;

·             Na roghanna eile a moladh  i leith Ghaeilge na hArdteistiméireachta;

·             Na sonraíochtaí éagsúla a bhainfidh le gach leibhéal, an bonnleibhéal; an gnáthleibhéal; an ardleibhéal; agus an sárleibhéal;

·             Na sonraíochtaí a bhainfidh leis an ábhar nua, ‘Saíocht agus Litríocht an Gaeilge’.

Tá mo Chomhchoiste ag iarraidh chomh maith ar an Aire Oideachais na forálacha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 maidir le múineadh na Gaeilge a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na Straitéise in 2030.

Chomh maith leis sin, tá muid den tuairim má tá athrú sa chúrsa Ardteistiméireachta i gceist,  go n-aithneofar, trí na pointí a bhronnfar, an éagsúlacht idir caighdeán agus deacracht na leibhéal éagsúil. Níl sé cóir ná ceart go mbronnfar na pointí céanna ar iarrachtaí éagsúla, ar mhaithe le córas simplí a chur i bhfeidhm.

Tá an Comhchoiste buartha faoi thodhchaí an bhonnleibhéil san Ardteistiméireacht, agus cé chomh héasca is atá sé díolúine ón nGaeilge a fháil, go mórmhór nuair is féidir leis na daltaí a fhaigheann an díolúine sin tabhairt faoi theangacha eile.

Tá an Comhchoiste buartha faoi stádas na béaltrialach Gaeilge, agus tá sé ag iarraidh go mbeidh an bhéaltriail ann mar chuid den Ardteistiméireacht agus den sraith shóisearach araon. Tá sé ag iarraidh go mbeidh 40% de na marcanna ag baint leis an mbéaltriail ag gach leibhéal san Ardteistiméireacht agus sa tsraith shóisearach. Tá muid ag iarraidh go dtabharfar ar ais í i gcomhair na sraithe sóisearaí.

Maidir le caighdeán na múinteoirí, tá mo Chomhchoiste ag moladh go gcuirfear na hacmhainní teagaisc agus foghlama Gaeilge atá de dhíth ar fáil do mhúinteoirí, ionas gur féidir linn a chinntiú go bhfuil múinteoirí, a bhfuil Gaeilge líofa acu, scaipthe ar fud an chórais oideachais.

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share