Skip to main content
Normal View

Preasráiteas: Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht

17 Dec 2021, 10:00

Ag a chruinniú ar an 15 Nollaig 2021, chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an rún seo a leanas:

“Tréaslaíonn Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge leis an Aire Tithíochta, an Teachta Dála Darragh O’Brien, agus leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Dála Catherine Martin, as an gCoiste idir-rannach ata bunaithe acu chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcóras pleanála sa Ghaeltacht. Molann an Comhchoiste don bheirt Airí ionadaíocht a chur ar fáil ar an gCoiste sin d’ionadaithe ó Phobal na Gaeltachta agus ó Phobal na Gaeilge, ionas go mbeidh ionchur ann ó na páirtithe leasmhara sna pobail sin in obair an Choiste sin.”

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: -

Le cúpla seachtaine anuas, tá mo Chomhchoiste ag tabhairt faoi imscrúdú ar an ábhar ‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht’ agus, mar chuid den phróiseas seo tá sé tughta faoi deara againn nach bhfuil aon ionadaíocht ar an gCoiste Idir-rannach seo ó phobal na Gaeltachta nó ó phobal na Gaeilge.

Creideann an Comhchoiste go mbaineann an easpa seo le héifeachtacht an Choiste Idir-Rannaigh, agus mar sin, táimid ag iarraidh ar an mbeirt Airí an easpa seo a cheartú agus daoine a cheapadh chuige a bhfuil an taithí agus an t-eolas cuí acu, bunaithe ar a dtaithí mar dhaoine a chónaíonn sa Ghaeltacht, agus mar dhaoine a mhaireann an saol Gaelach.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share