Skip to main content
Normal View

Preasráiteas: Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht

18 Jan 2022, 09:33

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 19 Eanáir 2022, le hionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ag an gcruinniú seo, pléifear an t-ábhar ‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht’. Tionólfar an cruinniú ar 13.30  i Seomra Coiste 4.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: -

Tá mó Chomhchoiste tar éis labhairt le hionadaithe ó gach Comhairle áitiúil eile, ina bhfuil ceantar Gaeltachta lonnaithe, ar an ábhar tábhachtach seo roimh Nollaig 2021. Is í cathair na Gaillimhe an t-aon chathair sa Stáit ina bhfuil Gaeltacht lonnaithe, agus mar sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcruinniú seo. Níl sin le rá nach n-aithníonn an Comhchoiste go bhfuil Gaeltacht láidir lonnaithe i gCathair Bhéal Feirste chomh maith.

Níl aon amhras ach go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge uirbeach mar chuid de thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail. Mar sin, tá dualgas orainn, agus ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, gach rud is féidir a dhéanamh, agus níos mó ná sin, chun na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge fós beo taobh istigh dá limistéir a chosaint, a fhorbairt agus a fhás.

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share