Skip to main content
Normal View

Preasráiteas: Tithíocht sa Ghaeltacht agus na treoirlínte a bhaineann léi

25 Jan 2022, 16:38

Beidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag plé cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht leis an Aire Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag cruinniú an Chomhchoiste amárach, Dé Céadaoin, an 26 Eanáir 2022. Tionólfar an cruinniú ar 13.30  i Seomra Coiste 4.

 

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: "Tá tithíocht de dhíth go géar ar fud na Gaeltachta. Má táimid i ndáiríre faoi thodhchaí na  Gaeltachta, tá orainn a chinntiú go bhfuil agus go mbeidh tithíocht ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge. Má táimid chun daoine óga a choimeád nó a mhealladh ar ais go dtí an Ghaeltacht, tá orainn a chinntiú go bhfuil agus go mbeidh tithíocht agus fostaíocht ar fáil dóibh. Is léir ó thitim líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht go bhfuil géarghá le tacaíochtaí láidir chun Gaeilgeoirí a choimeád ann agus a mhealladh, teacht ar thithe cónaithe ach go h-áirithe."

 

"Agus amárach is ar an tithíocht sa Ghaeltacht a bheidh ár n-aird, agus go mórmhór na treoirlínte nua maidir léi a bheidh á bhfoilsiú ag an Aire go luath. Ba mhaith linn na sonraí a phlé leis an Aire agus a chinntiú go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm a bheidh leo. Gó n-éascóidh siad cothabháil agus forbairt pobal áitiúil, agus go mairfidh pobal na Gaeltachta sa chéad ghlúin eile agus sna glúnta ar aghaidh.

Léirigh an méid a bhí le rá ag lucht bainistíochta na gComhairlí Contae a tháinig ós ár gcomhair go dtí seo go bhfuil soiléiriú de dhith orthu maidir lena ndualgais i leith forbairt tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, agus maidir leis na coinníollacha teanga ba chóir dóibh a chur i bhfeidhm." 

 

"Ba mhaith linn na sonraí sna treoirlínte a bheidh á bhfoilsiú ag an Aire a phlé leis, agus a chinntiú go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm a bheidh leo, agus go ndéanfaidh siad cothabháil agus láidriú ar na ceantair Ghaeltachta uilig." 

 

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

 

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

 

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

 

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share