Skip to main content
Normal View

Preasráiteas: Fáil réidh leis an nGaeilge d’earcaigh nua agus san ardú céime sa Gharda Síochána

1 Feb 2022, 14:24

Amárach, tiocfaidh  Drew Harris, Uasal, Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun na hábhair seo a leanas a phlé. 

1.    Seisiún 1: (13.30 – 14.30): Cén fáth a rinneadh fáil réidh leis an riachtanas bunriachtanach d’iarrthóirí lena mbeith incháilithe le hardú céime a fháil chuig céimeanna Sáirsint nó Cigire é an grád 50% a bhaint amach sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge?

2.     Seisiún 2: (14.45 – 15.45): Cinneadh an Rialtais nach mbeidh Gaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána

Chomh maith le Coimisinéir an Garda Síochána, beidh Cathaoirleach an Údaráis Phóilíneachta – Bob Collins Uasal, Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí – Shirley Comerford Uasal agus oifigeach ón Roinn Dlí agus Cirt ag glacadh páirte sa chruinniú seo.

Reáchtálfar an cruinniú den Chomhchoiste ar 13.30 iarnóin i Seomra Coiste 4, Teach Laighean 2000.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:

“Bhí Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair mo Chomhchoiste  cheana ar an 12 Bealtaine 2021. Bhí an-díomá orm agus ar na Comhaltaí eile go luath i ndiaidh an chruinnithe sin, nuair a fógraíodh go poiblí go raibh an Garda Síochána chun fáil réidh leis an nGaeilge d’earcaigh nua agus san ardú céime sa Gharda Síochána, rud nár cuireadh in iúl don Chomhchoiste ag an gcruinniú féin.

I gcomhfhreagras chugainn ón nGarda Síochána, dúradh gur tugadh an cinneadh i leith an ardaithe céime ‘tar éis an-chuid cainteanna idir an Roinn Dlí agus Cirt, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus An Garda Síochana, agus i gcomhairle leis an Údarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí.’.

Is ait linn nár luaigh sé, agus é os ár gcomhair, agus é ag trácht ar ghnéithe de phlean teanga an Gharda Síochána, go raibh athruithe diúltacha suntasacha ó thaobh na Teanga Náisiúnta agus an fórsa póilíneachta i gceist aige go luath.

Tá an-díoma orm, mar Chathaoirleach, gur aimsigh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí in 2015 go raibh, dar leis, rialacháin reatha an Gharda Síochána (Arduithe Céime) 2006 as dáta, agus gurbh é an socrú air sin ná fáil réidh leis an nGaeilge. Le roinnt blianta anuas, tá an chuma ar an scéal gurb é seo réamhshocrú gach uasdátaithe a mholtar don tSeirbhís Phoiblí ná chun maolú eile a dhéanamh ar thacaíochtaí don Ghaeilge nó fáil réidh leo ina iomlán.”

 

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo. 

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share