Skip to main content
Normal View

Íosghrádú agus Áit na Leathphingine ag an nGaeilge i gcúrsaí Póilíneachta agus Sláinte á phlé ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

29 Mar 2022, 16:45

Amárach, Dé Céadaoin, an 30 Márta, beidh dhá chruinniú ar leith ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i Seomra Coiste 4.

Sa chéad chruinniú leis an Aire Dlí agus Cirt, an Teachta Dála Helen Mc Entee, a thosóidh ar 13.30, beidh an Comhchoiste ag iarraidh a fháil amach cé hé go díreach a chéadmhol an moladh fáil réidh leis an riachtanas bunriachtanach d’iarrthóirí, lena bheith incháilithe le hardú céime a fháil chuig céimeanna Sáirsint nó Cigire, grád 50 faoin gcéad a bhaint amach sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge. Chomh tábhachtach leis sin, beidh an Comhchoiste ag iarraidh a fháil amach cén fáth a rinneadh agus a glacadh leis an moladh seo.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Nuair a bhí ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt, ón nGarda Síochána, ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus ón Údarás Póilíneachta os comhair an Chomhchoiste ar an 2 Feabhra 2022, ní raibh aon cheann de na 10 n-ionadaí ó na 4 eagraíocht sin a bhí i láthair in ann na ceisteanna sin a fhreagairt, ach ag an am céanna, dheimhnigh siad don Chomhchoiste nach raibh aon ghearán faighte acu i gcoinne an 50 faoin gcéad ó aon eagraíocht nó ó aon bhall den phobal, agus nach raibh aon iarratas faighte acu ó aon eagraíocht nó ó aon bhall den phobal athbhreithniú a dhéanamh ar an 50 faoin gcéad. Nuair nach raibh aon ghearán curtha i leith an 50 faoin gcéad, is mian leis an gComhchoiste a aimsiú cén fáth a fuarthas réidh leis.”

Sa dara cruinniú le Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, Paul Reid Uasal, agus le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt Uasal, a thosóidh ar 16.00, beidh an Comhchoiste ag iarraidh ar an bPríomhfheidhmeannach a mhíniú dó cén fáth ar chuir an Fheidhmeannacht físeán nua chun mná torracha a spreagadh chun an vaicsín i gcomhair an Choróinvíris a fháil san Araibis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Liotuáinis, sa Mhandairínis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa Rúisis agus sa Spáinnis; ach nár chuir sí ar fáil é as Gaeilge, príomhtheanga na hÉireann’.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh: “Cuireann an Comhchoiste fáilte roimh an bhfíseán seo mar áis agus mar chúnamh do mhná torracha, ach cuireann sé mearbhaill ar an gComhchoiste go bhfuil na teangacha inar cuireadh ar fáil é luaite ar shuíomh idirlín na Feidhmeannachta mar ‘key languages’, nuair nach raibh an Ghaeilge ina measc. An bhfuil an Fheidhmeannacht den tuairim nach ‘key language’ í an Ghaeilge in Éirinn, nó nach mbíonn mná torracha Gaelacha ann?

“Chomh maith leis sin, is mian leis an gComhchoiste na teangacha éagsúla ina soláthraíonn nó ina bhfógraíonn Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus an Roinn Sláinte a gcuid seirbhísí don phobal a fhiosrú. Tá sé soiléir nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt don Ghaeilge i soláthar na seirbhísí seo, agus is mian leis an gComhchoiste go bhfaighimid tiomantas dearfach ón bhFeidhmeannacht agus ón Roinn Sláinte go gcuirfear deireadh leis an míchothromaíocht seo láithreach.

“Beidh muid ag éileamh go soláthrófar seirbhísí sláinte iomlána do chainteoirí Gaeilge ina dteanga dhúchais féin as seo amach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtas.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share