Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chur chun tosaigh in Irisí agus Nuachtáin na Tíre a phlé

12 Apr 2022, 16:15

Amárach, Dé Céadaoin, an 13 Aibreán, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht nuachtán, irisí agus tréimhseachán Gaeilge a chur chun tosaigh sa phobal.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean, agus éistfidh an Comhchoiste fianaise ó na hirisí Gaeilge ‘Comhar’, ‘Timire an Chroí Naofa’ agus ‘Breac’ agus ó na hiriseoirí Alan Titley agus Éanna Ó Caollaí ón Irish Times.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is cuid de shraith cruinnithe an cruinniú seo atá eagraithe ag an gComhchoiste maidir leis an ábhar ‘Ag spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge’, agus is é seo an dara cruinniú sa tsraith sin ina mbeidh aird an Chomhchoiste dírithe ar na hirisí Gaeilge éagsúla atá ar fáil don phobal.

“Chomh maith leis sin, beidh aird an Chomhchoiste á díriú ar na hailt Ghaeilge atá ar fáil sna nuachtáin Bhéarla in Éirinn agus ar na féidearthachtaí atá ann an ghné sin den iriseoireacht a leathnú agus a fheabhsú.

“Creideann an Comhchoiste nach amháin gur gá an Ghaeilge a bheith níos inrochtana don phobal léitheoireachta, ach gur gá di a bheith níos feiceálaí dó chomh maith. Níl slí níos fearr ann chun an inrochtaineacht agus an fheiceálacht sin a bhaint amach ná níos mó ailt Ghaeilge a bheith sna hirisí agus sna nuachtáin Bhéarla, agus na hirisí lánGhaeilge féin a bheith níos inrochtana agus níos feiceálaí sna siopaí agus sna leabharlanna poiblí ar fud na tíre. Conas is féidir é sin a dhéanamh? Sin í an cheist  a bheidh á plé ag an gComhchoiste amárach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtas.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share