Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, srl ag iarraidh go mbeidh Meastacháin agus Meastacháin Athbhreithnithe na Ranna Stáit éagsúla ar fáil go dátheangach i gcomhair na bliana 2023 ar aghaidh

5 May 2022, 14:59

Ag a chruinniú inné, ar an 4 Bealtaine 2022, chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a iarraidh ar an Aire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe leagan dátheangach de Mheastacháin agus Meastacháin Athbhreithnithe na Ranna Stáit éagsúla a chur ar fáil i gcomhair na bliana 2023 ar aghaidh.

D’easaontaigh an Comhchoiste le freagra roimhe sin a bhí faighte aige ón Roinn Caiteachais Phoiblí, ina cuireadh in iúl don Chomhchoiste go raibh an Roinn sin den tuairim go mbeadh iarracht agus méid suntasach i gceist leis an iarratas sin, agus ‘gur beag an t-éileamh nó nach raibh éileamh ar bith ar Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe a aistriú go Gaeilge’.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Ní imleabhar fada agus an-teicniúil atá i gceist. Níl ann ach imleabhar ina bhfuil figiúirí níos mó ná focail ann den chuid is mó, agus ba chóir go mbeadh sé ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon as seo amach, mar áis agus ceart:

  • Don Chomhchoiste seo agus do Choistí eile i dTithe an Oireachtais, a bhfuil cúram acu i gcomhair cúrsaí a bhaineann leis an nGaeltacht agus le pobal na Gaeilge – cúrsaí oideachais, tithíochta, fostaíochta, srl;
  • Do Chomhaltaí aonair de Thithe an Oireachtais ar suim leo an phobail Ghaeilge, agus do Chomhaltaí aonair a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndáilcheantar féin – i gContae Chiarraí, i gContae Chorcaí, i gContae Dhún na nGall, i gContae na Gaillimhe, i gContae Mhaigh Eo, i gContae na Mí, agus i gContae Phort Láirge;
  • Do na meáin chumarsáide – Nuacht RTÉ, TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Tuairisc.ie, Comhar, agus na hiriseoirí éagsúla ar fud na tíre a scríobhann ailt as Gaeilge sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus ar na meáin shóisialta;
  • Do na Comhlachtaí Stáit a bhfuil cúram orthu a bhaineann leis an nGaeilge – Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, an Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, srl;
  • Do na leabharlanna poiblí agus do na hinstitiúidí tríú-leibhéal ar fud na tíre;
  • D’eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla éagsúla – Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, na comharchumann éagsúla sa Ghaeltacht, srl;
  • Agus go mórmhór do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta féin, mar aitheantas ar a chearta teanga agus a rannpháirtíocht i gcúrsaí polaitíochta agus cúrsaí reatha na tíre.

“Mura bhfuil an t-éileamh oscailte ann faoi láthair, is é an fáth leis sin ná go bhfuil an fhios ar na páirtithe leasmhara ábhartha, nach fiú, i gcúrsaí polaitíochta agus cúrsaí reatha, éileamh a dhéanamh ar rud nach bhfuil ar fáil go tapaidh. Cén iriseoir nó polaiteoir, nó araile, a bheadh sásta fanacht cúpla seachtain nó cúpla mí le haistriúchán a fháil ar rud atá air nó uirthi a bhreithniú agus a phlé go poiblí láithreach bonn.

“Mar sin, comhaontaíonn an Comhchoiste go bhfuil gá na Meastacháin agus na Meastacháin Athbhreithnithe go léir a chur ar fáil go dátheangach as seo amach, ionas go mbeidh cothrom na Féinne á thabhairt do na rannpháirtithe éagsúla a bhfuil suim acu i gcúrsaí airgeadais an Stáit, agus a bhfuil ag iarraidh cúrsaí airgeadais an Stáit a bhreithniú agus a phlé i dteanga náisiúnta an Stáit; an Ghaeilge.”

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share