Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh go mbeidh i bhfad níos mó leabhar as Gaeilge ar fáil i ngach brainse de na leabharlanna Poiblí ar fud na tíre

24 May 2022, 17:20

Amárach, Dé Céadaoin, an 25 Bealtaine, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge infhaighteacht, infheictheacht agus éagsúlacht na leabhar Gaeilge atá ar fáil sna leabharlanna poiblí ar fud na tíre.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean, agus pléifidh an Comhchoiste an t-ábhar seo le hionadaithe ó Sheirbhís Leabharlainne Chathair Bhaile Átha Cliath agus ó Sheirbhís Leabharlainne Chontae na Gaillimhe.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is príomhchathair na hÉireann í Baile Átha Cliath ina bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge ag méadú lá i ndiaidh lae, agus is i gContae na Gaillimhe atá an Ghaeltacht is mó in Éirinn lonnaithe. Mar sin, bheifí ag súil go mbeadh lear mór leabhar Gaeilge de gach saghas agus ar gach ábhar ar taispeáint ar leabhragáin na leabharlann poiblí sin.

“Beidh an Comhchoiste ag iarraidh a fháil amach an amhlaidh atá sé, agus murab amhlaidh, an mbeidh na leabharlanna poiblí seo agus leabharlanna poiblí eile trasna na tíre toilteanach aon easpa atá ann a réiteach. Tá leabhair nua-aimseartha ar gach ábhar, idir úrscéalta, ghearrscéalta, stair, thaisteal, chúrsaí reatha agus araile á scríobh agus á fhoilsiú as Gaeilge gach bliain. Tá scríbhneoirí den scoth i mbun oibre ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus fhaisnéiseach, agus is earnáil í a bhfuil an Comhchoiste ag iarraidh í a spreagadh.

“Tá feidhm lárnach ag na leabharlanna poiblí maidir le léitheoireacht an phobail a spreagadh, agus tá buiséad bliantúil acu a chaitheann siad ar na leabhair a roghnaíonn siad a cheannach, agus a chuireann siad ar fáil don phobal. Is mian leis an gComhchoiste na roghanna a dhéanann na leabharlanna poiblí gach bliain a phlé leo, agus a iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna sin, más gá sin a dhéanamh, agus mura bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do na scríbhneoirí agus do na foilsitheoirí Gaeilge faoi láthair.

“Beidh an Comhchoiste ag iarraidh ar na leabharlanna poiblí go mbeidh i bhfad níos mó leabhar as Gaeilge, idir leabhar nua-fhoilsithe agus foilsithe le blianta anuas, infhaighte agus infheicthe i ngach leabharlann poiblí agus i ngach brainse de gach leabharlann poiblí, agus go gcaithfear méid áirithe dá mbuiséad bliantúil i gcomhair leabhar nua, ar leabhair Ghaeilge nua-aimseartha iad, a cheannach as seo amach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android

Top
Share