Skip to main content
Normal View

An Tuarascáil Bhliantúil, 2021 foilsithe ag Tithe an Oireachtais

28 Jun 2022, 17:18

Tá an Tuarascáil Bhliantúil, 2021 foilsithe ag Coimisiún Thithe an Oireachtais, agus tá léargas tugtha ag an gCoimisiún inti ar an obair atá déanta aige le bliain anuas i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.  Anuas ar na sonraí maidir leis an ngníomhaíocht pharlaiminteach i gcaitheamh na bliana 2021, tugtar cuntas sa tuarascáil ar an airgead poiblí a caitheadh chun Tithe an Oireachtais a reáchtáil anuraidh.

Léirítear sa tuarascáil go bhfuiltear ag leanúint de sheirbhísí parlaiminteacha a sheachadadh go héifeachtach éifeachtúil.  Agus an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2021 achtaithe, fuair an Coimisiún €462.5 milliún mar leithroinnt bhuiséadach i gcomhair na dtrí bliana, 2022-2024.  Leanfaidh an Coimisiún de mhaoirseacht chríonna a dhéanamh ar acmhainní poiblí le linn dó Tithe an Oireachtais a reáchtáil sna trí bliana atá le teacht.

Cé gur fhill an Dáil agus an Seanad ar Theach Laighean le haghaidh suíonna i mí Mheán Fómhair, 2021 de bharr an mhaolaithe ar shrianta Covid-19, is go fíorúil agus ar bhonn hibrideach a reáchtáladh cuid mhór den ghnó parlaiminteach.  Mar shampla, lean an ghné fhíorúil de na cruinnithe idirpharlaiminteacha ar aghaidh; as na 68 cinn de chruinnithe iomlánacha agus de chruinnithe coiste de chuid Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa a tionóladh in 2021, is go fíorúil a tionóladh 56 cinn.  I mí Feabhra, is san Oireachtas a tionóladh an chéad chruinniú iomlán fíorúil de Thionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann, agus thug an Taoiseach aitheasc ag an gcruinniú sin.  Ba é sin an chéad chruinniú iomlánach de chuid an Tionóil ó thús na paindéime agus an chéad cheann ó dheireadh aistriú na Ríochta Aontaithe amach as an Aontas Eorpach.  2021: Dúshláin agus Athruithe ba théama don ócáid.

I mí an Mheithimh, sheol an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD Straitéis na Gaeilge, 2021.  Is straitéis í sin de chuid Thithe an Oireachtais a bhfuil d’aidhm aici an réimse tacaíochtaí agus acmhainní Gaeilge atá ar fáil do na Comhaltaí agus d’fhoireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais a leathnú agus cabhrú le forbairt na Seirbhíse mar eagraíocht dhátheangach fheidhmiúil.

Le bliain anuas, tá an tOireachtas ag leanúint dá Chlaochlú Digiteach a sheachadadh.  Is é cuspóir an Oireachtais sa Chlár Claochlaithe Dhigitigh an tOireachtas a bheith oscailte agus inrochtana ag gach duine, agus é claochlaithe le réitigh dhigiteacha atá iomasach comhoibríoch comhtháite, agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le próisis agus córais chomhtháite a bhaint amach.

I mí na Samhna, foilsíodh tuarascáil an Fhóraim maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach.  Tar éis dóibh dul i mbun comhairliúcháin go forleathan, rinne an Fóram moltaí chun go dtabharfadh Tithe an Oireachtais mar láthair oibre ní ba mhó tacaíochta do theaghlaigh agus go bhfreagróidís ar bhealach ní b’fhearr do riachtanais agus do leasanna na bhfear agus na mban go léir, idir óg agus aosta, ó thaobh comhdhéanaimh, struchtúir, oibríochta agus modhanna oibre de.  Tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun moltaí an Fhóraim a chur ar aghaidh agus gheobhaidh an Coimisiún tuarascálacha go rialta ar dhul chun cinn maidir leis na gníomhartha a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí, agus cuirfear iad sin sa tuarascáil bhliantúil uainn do na Tithe an bhliain seo chugainn.

Blain thábhachtach eile i stair na dTithe is ea an bhliain seo.  Is i mí na Nollag, 1922 a tionóladh an chéad chruinniú de Sheanad Éireann.  Áireofar sa chlár imeachtaí a seoladh i mí Feabhra faoin téama Seanad 100 – Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra imeachtaí ar líne, clár faisnéise teilifíse, taispeántais don phobal agus díospóireachtaí mac léinn.  Tabharfar léargas sna himeachtaí sin ar an méid atá curtha ag Seanad Éireann le saol poiblí na hÉireann ó bhí 1922 ann.

Le linn na bliana, bliain eile ina raibh dúshláin nach raibh ann riamh roimhe:

• Shuigh Dáil Éireann ar 95 lá (943 uair an chloig).

• Roghnaíodh 297 Saincheist Thráthúla i gcomhair díospóireachta sa Dáil.

• Próiseáladh 68,297 gCeist Pharlaiminteacha.

• Shuigh Seanad Éireann ar 82 lá (608 n-uair an chloig).

• Taifeadadh 76 vótáil sa Seanad.

• Cuireadh síos 354 Ní i dTosach Suí i gcomhair díospóireachta sa Seanad – Roghnaíonn an Cathaoirleach suas le ceithre ní i dtosach suí i gcomhair díospóireachta gach lá suí.

• Tionscnaíodh 160 Bille sna Tithe – Billí Rialtais ab ea 31% díobh agus Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna) ab ea 69% díobh.

• Ritheadh 48 mBille Rialtais in 2021. Ritheadh dhá BCP in 2021.

• Ar an iomlán, thionóil na Coistí Parlaiminteacha 1,170 cruinniú (os cionn 1,752 uair an chloig).

• D’fhreastail 2,596 fhinné ar chruinnithe Coiste.

• Cuireadh 75 thuarascáil ó Choistí faoi bhráid na dTithe.

Dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD agus an Cathaoirleach, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh: “Cuspóir tábhachtach le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil bhliantúil seo ab ea a chinntiú go leanfadh an gnó parlaiminteach agus obair na gComhaltaí ar aghaidh.  Bhí gá le solúbthacht agus diongbháilteacht chun dálaí eisceachtúla dothuartha na paindéime a shárú.

Táimid an-bhuíoch de gach aon duine as a n-iarrachtaí chun a chinntiú go leanfaí de phríomhfheidhmeanna na dTithe agus a gCoistí a chomhlíonadh gan aon chur isteach d’ainneoin na ndeacrachtaí a tháinig as an bpaindéim.”

Léigh an tuarascáil anseo .

Media enquiries

Stephen Higgins
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share