12 Dec 2023, 15:00
Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 13 Nollaig 2023, tiocfaidh an Coimisinéir Teanga nua-cheapaithe – Séamas Ó Concheannain Uasal, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, agus pléifidh sé an t-ábhar ‘Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua – Inniúlacht agus Freagrúlacht’ leis.
Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an-áthas orainn an deis seo a bheith againn bualadh leis an gCoimisinéir Teanga nua amárach, agus tábhacht agus dul chun cinn na reachtaíochta teanga nua a phlé leis. Ach chomh maith leis, ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a ghabháil le Séamas as an gceapachán.
“Chomh maith leis sin, ba mhaith linn an deis a ghlacadh chun an nasc láidir atá ann idir Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga, agus iad ag obair le chéile i leith chur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí agus sa tír ina hiomláine, a léiriú go poiblí. Níl neart ach cur le chéile, agus aithnímid an neart atá ann in Oifig an Choimisinéara Teanga, agus an neart atá sa reachtaíocht teanga nua, ach í a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go réamhghníomhach fud fad na seirbhíse poiblí.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews