Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag seoladh tuarascála ar an toscaireacht go Contae Chill Dara i mí Iúil 2024

9 Oct 2024, 17:00

Inniu, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis tuarascáil a fhoilsiú ar an toscaireacht de chuid an Chomhchoiste a chuaigh go Contae Chill Dara ar an 4 Iúil 2024.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: ‘Tar éis don toscaireacht bualadh le hionadaithe thar ceann Ghaelcholáiste Mhaigh Nua, d’aithin sí an tsárobair atá ar siúl ann chun oideachas iar-bhunscoile lán-Ghaeilge den chéad scoth a chur ar fáil do bhaile Mhaigh Nuad agus an ceantar máguaird.

“Mar sin féin in ainneoin gurbh eiseamláir iontach é an Gaelcholáiste seo, ba léir dúinne a bhí i láthair go bhfuil foirgneamh nua ag teastáil uaidh go práinneach. Is chuige sin a mholann an Comhchoiste go mbeidh foirgneamh nua an Ghaelcholáiste faoi réir roimh an 1 Meán Fómhair 2027.”

‘I gcás na líonraí Gaeilge, a bhfuil borradh fúthu ar fud na tíre, chonacthas don Chomhchoiste gurbh eiseamláir den scoth é Líonra Gaeilge an Náis agus na Sollán. Le linn don toscaireacht bualadh le hionadaithe thar ceann Chill Dara le Gaeilge, ba léir dúinn go bhfuil cuspóirí agus uaillmhianta acu chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh mar ghnáth-theanga cumarsáide i bpobal chontae Chill Dara.

“Is ar an mbunús sin a mholann an Comhchoiste go mbronnfaidh Foras na Gaeilge stádas ag Céim 1 mar Líonra Gaeilge ar phobal an Náis agus na Sollán chomh luath agus a réiteoidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na deacrachtaí maoinithe atá ann faoi láthair a bhaineann le bronnadh an stádais sin.”

Is féidir tuarascáil an Chomhchoiste ar thoscaireacht Chill Dara a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share