Skip to main content
Normal View

Tacaíocht á tabhairt ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge do Phobal Bhaile Átha Cliath 10 agus 12 agus an pobal sin ag iarraidh Gaelscoil neamhspleách a fháil dá bpáistí

17 Oct 2024, 11:30

Inniu, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis a thuarascáil, ‘Easpa Soláthair d’Oideachas Bunscoile Lán-Ghaeilge ag an Stáit i mBaile Átha Cliath 10 agus 12’, a fhoilsiú.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is ceantar ollmhór é seo, buailte ar a chéile, dhá cheantar a bhfuil a seoladh poist i mBaile Átha Cliath, gan oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí scoile: An Cloigín Gorm, An Pháirc Thiar, Baile Bhailcín, Cromghlinn, Droimeanach, agus Na Glaschnoic i mBaile Átha Cliath 12, agus Baile Formaid agus Gort na Silíní i mBaile Átha Cliath 10.

“Is sárú ar a gcearta teanga agus a gcearta dlíthiúla an easpa seo, agus mar sin, tá an Comhchoiste ag iarraidh ar an Aire Oideachais Gaelscoil agus oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil sa cheantar láithreach.”

Is féidir tuarascáil an Chomhchoiste ar an Easpa Soláthair Oideachais Bunscoile Lán-Ghaeilge ag an Stát i mBaile Átha Cliath 10 agus 12 a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share