18 Oct 2024, 15:15
Inniu, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis a thuarascáil taighde a fhoilsiú ar an ábhar, ‘An próiseas chun cead pleanála a thabhairt do chainteoirí líofa Gaeilge atá ag iarraidh teach cónaithe dá gcuid féin a thógáil i gCeantair Ghaeltachta’.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Sa tuarascáil seo, tá an Comhchoiste ag iarraidh ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus na treoirlínte i leith thithíocht sa Ghaeltacht á réiteach aige, go bhféachfaidh sé ar aon srian atá ann i dtéarmaí ciliméadar, go díreach nó go hindíreach, atá ag cothú bacanna do chainteoirí líofa atá ag iarraidh teach dóibh féin a thógáil mar a ngnáth-áit chónaithe i gceantair Ghaeltachta.
“Tá an t-iarratas seo á dhéanamh ag an gComhchoiste i gcomhthéacs chomh beag agus chomh leochaileach is atá pobal na Gaeltachta faoi láthair, agus i gcomhthéacs an ghéarghá atá ann cabhair a thabhairt don chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchasacha, ar mhian leo fanacht ina gcónaí sa Ghaeltacht, é sin a dhéanamh.
“Is léir don Chomhchoiste go gcuirtear srian i bhfeidhm i dtéarmaí ciliméadar – go díreach agus go hindíreach – sna Ceantair Ghaeltachta nuair a bhíonn iarrthóirí ag lorg cead pleanála chun tithe cónaithe a thógáil. Sa taighde a leagamar amach sa tuarascáil seo, agus mar Chomhchoiste, táimid buartha gurbh fhéidir leis na srianta seo bacanna a chothú do chainteoirí líofa atá ag iarraidh teach dóibh féin a thógáil mar a ngnáth-áit chónaithe i gceantair Ghaeltacht.
“Aithníonn an Comhchoiste an dualgas atá ar na húdaráis áitiúla timpeallacht na tuaithe a chosaint, ach chomh maith leis sin, aithníonn an Comhchoiste an dualgas atá ar na húdaráis áitiúla pobal na Gaeltachta a chosaint agus a chothú. Creideann an Comhchoiste go bhfuil réitigh eile ar na dúshláin timpeallachta seachas bánú na tuaithe. Ní gá go dtiocfaidh an dá dhualgas thábhachtacha sin salach ar a chéile.”
Is féidir an tuarascáil taighde seo ar chead pleanála i gceantair Ghaeltachta a léamh anseo.
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews