23 Oct 2024, 12:30
Inniu, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis tuarascáil a fhoilsiú ar an ábhar ‘An tÉileamh ar an Oideachas Lán-Ghaeilge ag Leibhéal na hIar-Bhunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát’.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tar éis don Chomhchoiste éisteacht le taithí na bhfeachtas uile fud fad na tíre a tháinig os ár gcomhair, chomh maith le héisteacht leis an taighde oideachasúil atá ann ar an tumoideachas trí chéile, táimid tar éis sé mholadh a chur i dtoll a chéile lena leagan faoi bhráid an Aire Oideachais.
“Feictear don Chomhchoiste gur córais éagsúla iad an córas oideachais lán-Ghaeilge agus an gnáthchóras oideachais Béarla agus gur chóir go mbeadh an ceart ag daltaí na hÉireann a gcuid oideachais a fháil tríd an gcóras a roghnaíonn a dtuismitheoirí dóibh. Ba chóir go mbeadh rochtain éasca ag daltaí ar na roghanna oideachais sin agus go bhfreastalóidh an tAire Oideachais ar an éileamh don oideachas lán-Ghaeilge chomh luath agus is féidir.
“Ba léir ón bhfianaise agus taighde a cuireadh faoi bhráid an Chomhchoiste go gcaithfear deireadh a chur le múnla an aonaid agus an tsrutha Gaeilge agus go dtabharfaidh an tAire Oideachais an t-aitheantas, tacaíocht agus maoiniú do na haonaid agus sruthanna reatha iompú isteach ina scoileanna lán-Ghaeilge chomh luath agus is féidir.”
Tá an Comhchoiste ag moladh don Aire Oideachais:
- Iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i gCaisleán an Bharraigh, i mBaile Átha Cliath 2,4,6,8; i gCill Dhéagláin, i gCoill na Silíní; i nDroichead na mBandan, i bhFionnbhrú, i Sord, agus i dTulach Mhór. Tá an Comhchoiste ag impí uirthi go mbeidh na hiar-bhunscoileanna sin ar oscailt agus ag feidhmiú faoin 1 Meán Fómhair 2030, agus i gcás Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, 8 (ar Shráid Synge), go mbeidh an scoil sin oscailte agus ag feidhmiú faoin 1 Meán Fómhair 2026.
- Iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i ngach Baile Seirbhísí Gaeltachta agus laistigh de gach ceantar ag a bhfuil stádas mar Líonra Gaeilge – Céim 1 bronnta air.
Dúirt an Teachta Dála Ó Snodaigh: “Lena chois sin, molann an Comhchoiste go gcuirfidh an Rialtas agus an tAire Oideachais plean cuimsitheach le chéile ina leagfar amach spriocanna intomhaiste, critéir shoiléire agus amlínte dochta. Cinnteoidh sé seo go mbeidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge araon oscailte agus ag feidhmiú timpeall na tíre. Cinnteoidh sé seo freisin go mbeidh an Rialtas agus an tAire Oideachais ag sásamh an éilimh ollmhóir atá ann i gcás na scoileanna sin.”
Is féidir an tuarascáil ar an éileamh atá ar an oideachas iar-bhunscoile lán-Ghaeilge a léamh anseo.
Tá 14 Chomhaltaí, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews