9 Jun 2025, 15:00
Ag a chruinniú amárach, ar an 10 Meitheamh 2025, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 le hionadaithe ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge.
Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 3 ó 12 15 agus leanfaidh sé ar aghaidh go 14.00 más gá.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly: “Is ceann de na tosaíochtaí is tábhachtaí é do thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail in Éirinn go mbeidh na seirbhísí poiblí go léir a chuireann an Stát ar fáil don phobal, curtha ar fáil aige go dátheangach. Níl sé sin ag tarlú agus ní tharlóidh sé go deo go dtí go mbeidh foireann láidir chumasach de sheirbhísigh phoiblí dhátheangacha ar fáil, in ann, toilteanach agus mionnaithe an tseirbhís sin a chur ar fáil don phobal.
“Is ar an gcúis sin a bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hobair an Choiste Comhairleach agus é curtha ar bun chun a chinntiú go mbainfear amach tiomantas an Rialtais go mbeidh 20% de sheirbhísí phoiblí, trasna na seirbhíse poiblí ina hiomlán, ag feidhmiú mar oifigigh dhátheangacha.
“Tá mo Chomhchoiste airdeallach ar an amscála gearr atá i gceist chun an tiomantas seo a bhaint amach agus táimid buartha nach bhfuil dul chun cinn níos tapúla á dhéanamh ná mar atá. Ba mhaith leis an gComhchoiste an dul chun chinn seo a phlé leis an gCoiste Comhairleach agus ba mhaith leis luas a chur leis an dul chun cinn ar bhonn práinne.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 3 ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews