23 Jun 2025, 17:30
Ag a chruinniú amárach, ar an 24 Meitheamh 2025, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta.
Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 3 ó 12:15 agus leanfaidh sé ar aghaidh go 14:00 más gá.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly: “Tá a fhios ag an uile dhuine sna ceantair Ghaeltachta an tábhacht ar leith a bhaineann leis an obair atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil pobal na Gaeltachta ag braith ar an Údarás mar cheann de na tacaí is mó atá aige.
“Mar sin, tá an-suim ag Comhchoiste na Gaeilge clár oibre agus tosaíochtaí an Údaráis a phlé leis amárach. Tá an-suim againn na tosaíochtaí atá aige i dtaobh chruthú fostaíochta agus cur chun cinn na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta a phlé leis. Gan phoist fad-téarma de gach saghas a bheith ar fáil, ní bheadh aon Ghaeltacht ann, ní bheadh na daoine óga ag fanacht sa Ghaeltacht agus ní bheidh na pobail Ghaeltachta inmharthana.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 3 ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews