17 Nov 2025, 16:45
Amárach, Dé Máirt, 18 Samhain, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena bhreithniú ar an ábhar 'Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal' agus an easpa ollmhór atá ann ina leith.
Beidh na hOllaimh Ciarán Ó hÓgartaigh agus Cathal Seoighe ag freastal ar an gcruinniú agus ag scaradh a dtaithí agus a dtuairimí le Comhaltaí an Chomhchoiste maidir leis an ábhar seo. Tosóidh an cruinniú ag 11.00 i Seomra Coiste 3.
Dúirt an Leas-Chathaoirleach, an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil: “Is mian leis an gComhchoiste na bacanna agus na deacrachtaí atá ann agus a bhfuil mar chúis den mhoill nó den drogall ata ann múineadh na Gaeilge agus múineadh ábhair eile trí mheán na Gaeilge a leathnú amach, a aimsiú.
“Tá an Comhchoiste ag iarraidh go mbeidh rochtain ag i bhfad Éireann níos mó mic léinn ar an nGaeilge ná mar atá acu faoi láthair, bíodh iad ina gcairde léinn múinteoireachta, innealtóireachta, leighis, riarthóireachta nó eile. Níl sé sin ag tarlú mar is léir do chách, agus is eapa náireach é a bhfuil gá dul i ngleic léi go tapaidh.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo bo ó Sheomra Coiste 3 ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews