Bille dá ngairtear Acht do leasú an dlí d'fhonn a údarú samplaí colainne a thógáil le haghaidh tástála dlí-eolaíochta ó dhaoine a bhfuil drochamhras orthu i leith cionta coiriúla áirithe; do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne áirithe a thógáil ó dhaoine ar deoin leo go dtógfaí samplaí den sórt sin uathu d'fhonn imscrúdú a dhéanamh ar chionta nó ar eachtraí a bhféadtar go raibh déanamh cionta i gceist iontu; do dhéanamh socrú go mbunóidh agus go n-oibreoidh Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí Córas Bunachair Sonraí DNA; do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne áirithe a thógáil ó dhaoine a bhfuil drochamhras orthu i leith cionta coiriúla áirithe nó a chiontófar i gcionta den sórt sin chun próifílí DNA a iontrálfar sa rannán imscrúdaithe den Chóras Bunachair Sonraí DNA a ghiniúint i leith na ndaoine sin; do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne a thógáil ó dhaoine áirithe chun na daoine sin a eisiamh agus a bpróifílí DNA a iontráil sa Chóras Bunachair Sonraí DNA; do dhéanamh socrú maidir le samplaí colainne áirithe a thógáil ó dhaoine, nó samplaí a thógáil ó nithe, chun próifílí DNA a iontrálfar sa rannán sainaitheantais den Chóras Bunachair Sonraí DNA a ghiniúint i leith na ndaoine sin nó daoine atá ar iarraidh; do dhéanamh socrú maidir le críocha an Chórais sin; do dhéanamh socrú, in imthosca áirithe, maidir le samplaí a thógtar faoin Acht seo a dhíothú agus maidir le haon phróifílí DNA a ghintear ó na samplaí sin a dhíothú nó a bhaint den Chóras Bunachair Sonraí DNA; d'aisghairm an Achta um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta) 1990; do thabhairt éifeachta, go páirteach, do Chinneadh 2008/615/JHA an 23 Meitheamh 2008 I.O. Uimh. L210, 6.8.2008, lch.1 ón gComhairle; do leasú an Achta um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008; do leasú an dlí choiriúil a bhaineann le méarloirg agus loirg dhearnan a thógáil ó dhaoine áirithe; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara
Nuashonraithe go deireanach: 1 Feabh 2011
Stair an Bhille seo
Tá an Bille tar éis dul as feidhm le lánscor na Dála agus an tSeanaid
01 Feb 2011
Dáil Éireann
Seanad Éireann
-
An Chéad Chéim – An Dáil
15 Jan 2010
An Chéad Chéim – An Dáil
Cuireadh tús leis an mBille nó cuireadh faoi bhráid an tí é
15 Jan 2010
Críochnaithe
-
An Dara Céim – An Dáil
4 Mar 2010
An Dara Céim – An Dáil
Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille
4 Mar 2010
Críochnaithe
-
An Tríú Céim – an Dáil
n/a
An Tríú Céim – an Dáil
Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Ceathrú Céim – An Dáil
n/a
An Ceathrú Céim – An Dáil
Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Cúigiú Céim – An Dáil
n/a
An Cúigiú Céim – An Dáil
Déantar ráitis deiridh ar an mBille agus leagtar síos é i gcomhair an Dara Céim sa Seanad (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Chéad Chéim – an Seanad
n/a
An Chéad Chéim – an Seanad
Meastar gur phasáil an Bille an Dara Céim sa Seanad
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Dara Céim – An Seanad
n/a
An Dara Céim – An Seanad
Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Tríú Céim – An Seanad
n/a
An Tríú Céim – An Seanad
Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Ceathrú Céim – An Seanad
n/a
An Ceathrú Céim – An Seanad
Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
An Cúigiú Céim – An Seanad
n/a
An Cúigiú Céim – An Seanad
Déantar ráitis deiridh ar an mBille (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)
n/a
Céim Níos Déanaí
-
Achtaithe
n/a
Achtaithe
Síníonn an tUachtarán an Bille ina dhlí
n/a
Céim Níos Déanaí
15 Ean 2010
Mar a tionscnaíodh
An Bille um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA) 2010
B'fhéidir nach bhfuil an liosta díospóireachtaí seo iomlán. Féadfaidh tú cuardach díreach a dhéanamh ar an mBille seo freisin laistigh den rannán Díospóireachtaí.
Díospóireachtaí
4 Márta 2010
Dáil Éireann
Criminal Justice (Forensic Evidence and DNA Database System) Bill 2010: Referral to Select Committee.
4 Márta 2010
Dáil Éireann
Criminal Justice (Forensic Evidence and DNA Database System) Bill 2010: Second Stage.
4 Márta 2010
Dáil Éireann
Criminal Justice (Forensic Evidence and DNA Database System) Bill 2010: Order for Second Stage.