Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Bille um Fhaisnéis Sláinte, 2024

(Bille 61 de 2024)

Bille dá ngairtear Acht do dhéanamh socrú maidir le dualgas a bheith ar sholáthraithe seirbhísí sláinte sonraí sláinte pearsanta othair a chomhroinnt, in imthosca áirithe, le soláthraithe seirbhísí sláinte eile a bhfuil cúram agus cóireáil á soláthar don othar acu freisin; do dhéanamh socrú maidir le Taifead Sláinte Digiteach a chruthú agus a shannadh i leith gach othair; do dhéanamh socrú maidir leis an bhfaisnéis a bheidh i dTaifead Sláinte Digiteach; do dhéanamh socrú maidir le rochtain ag earnálacha áirithe duine ar Thaifead Sláinte Digiteach iomlán nó ar chuid de; do dhéanamh socrú maidir leis an rochtain sin a shrianadh in imthosca áirithe; do sholáthar faisnéis d’othar i ndáil le rochtain ar a Thaifead Sláinte Digiteach nó ar a Taifead Sláinte Digiteach; do dhéanamh socrú maidir leis an Aire do dhéanamh rialacháin chun críocha an Achta seo; do dhéanamh socrú maidir leis na críocha arb i ndáil leo a fhéadfar Taifead Sláinte Digiteach a úsáid; do dhéanamh socrú go bhféadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte socruithe cómhalartacha a dhéanamh le dlínsí eile i ndáil le faisnéis atá i dTaifead Sláinte Digiteach a mhalartú; do dhéanamh socrú go bhféadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí sláinte aicmí áirithe sonraí sláinte pearsanta a sholáthar d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; do dhéanamh socrú go bhféadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a iarraidh ar dhaoine áirithe earnálacha áirithe faisnéise sláinte a sholáthar d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; do dhéanamh socrú go bhféadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcás go mainneoidh duine déanamh de réir iarrata; do dhéanamh socrú maidir leis na críocha chun a bhféadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte úsáid a bhaint as faisnéis sláinte arna soláthar di de réir an Achta seo; do dhéanamh socrú go ndéanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú chun críocha an Achta seo; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

Nuashonraithe go deireanach: 8 Samh 2024

Urraithe ag: Minister for Health;

Foinse: Government

Teach Tionscnaimh: Dáil Éireann

Stair an Bhille seo

Tá an Bille tar éis dul as feidhm le lánscor na Dála agus an tSeanaid

08 Nov 2024

  • An Chéad Chéim – An Dáil

    19 Jul 2024

    An Chéad Chéim – An Dáil

    Cuireadh tús leis an mBille nó cuireadh faoi bhráid an tí é

    19 Jul 2024

    Críochnaithe

  • An Dara Céim – An Dáil

    25 Sep 2024

    An Dara Céim – An Dáil

    Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille

    25 Sep 2024

    Críochnaithe

  • An Tríú Céim – an Dáil

    n/a

    An Tríú Céim – an Dáil

    Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • An Ceathrú Céim – An Dáil

    n/a

    An Ceathrú Céim – An Dáil

    Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • An Cúigiú Céim – An Dáil

    n/a

    An Cúigiú Céim – An Dáil

    Déantar ráitis deiridh ar an mBille agus leagtar síos é i gcomhair an Dara Céim sa Seanad (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • An Chéad Chéim – an Seanad

    n/a

    An Chéad Chéim – an Seanad

    Meastar gur phasáil an Bille an Dara Céim sa Seanad

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • An Dara Céim – An Seanad

    n/a

    An Dara Céim – An Seanad

    Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • An Tríú Céim – An Seanad

    n/a

    An Tríú Céim – An Seanad

    Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air (Tugtar Céim an Choiste air seo)

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • An Ceathrú Céim – An Seanad

    n/a

    An Ceathrú Céim – An Seanad

    Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste (Céim na Tuarascála mar a thugtar uirthi freisin)

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • An Cúigiú Céim – An Seanad

    n/a

    An Cúigiú Céim – An Seanad

    Déantar ráitis deiridh ar an mBille (Tugtar an Chéim Dheiridh air seo freisin)

    n/a

    Céim Níos Déanaí

  • Achtaithe

    n/a

    Achtaithe

    Síníonn an tUachtarán an Bille ina dhlí

    n/a

    Céim Níos Déanaí

 

19 Iúil 2024

Mar a tionscnaíodh

An Bille um Fhaisnéis Sláinte, 2024

Díospóireachtaí

25 MFómh 2024

Dáil Éireann

Health Information Bill 2024: Referral to Select Committee

25 MFómh 2024

Dáil Éireann

Health Information Bill 2024: Second Stage (Resumed)

25 MFómh 2024

Dáil Éireann

Health Information Bill 2024: Second Stage

Barr
Roinn