Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Choiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir (32ú Dáil)

Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.

Tá táirgí talmhaíochta na hÉireann i measc na dtáirgí talmhaíochta is fearr ar domhan agus is cuid dhílis dár n-earnáil onnmhairiúcháin ardfheidhmíochta iad.

Tacaíonn an Coiste Oireachtais um Thalmhaíocht, Bia agus Muir go mór leis an earnáil agraibhia agus déanann sé amhlaidh laistigh dár gcóras parlaiminteach agus sa mhórdhíospóireacht phoiblí araon.

Tá ról tábhachtach le himirt ag an gcoiste sa chlár oibre a mhúnlú agus i dtionchar a imirt air. Tá ról tábhachtach le himirt aige freisin i ngrinn-iniúchadh a dhéanamh ar chuid de na gníomhaíochtaí is mó tábhacht sna réimsí seo a leanas, i measc nithe eile: tionchar an athraithe aeráide ar an talmhaíocht; an fhoraoiseacht; lipéadú bia; leas ainmhithe; agus tionscal dobharshaothraithe a fhorbairt.

Barr
Roinn