Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.
Tar éis a chruinnithe sheachtainiúil, leagann an Coiste Gnó tuarascáil ina liostaítear an gnó a dhéanfar sa Dáil sa tseachtain le teacht. I measc nithe eile, breithníonn an Coiste Gnó tograí le haghaidh na nithe seo:
- déileáil le míreanna gnó, lena n-áirítear amanna cainte
- reachtaíocht a thógáil sa Dáil agus sna Roghchoistí
- tráthanna suí agus atráth
- gnó a roghnú le haghaidh sheisiún thráthnóna Déardaoin, amhail Billí Comhaltaí Príobháideacha nó tuarascálacha ó choistí
Ba cheart do Chomhaltaí ar mian leo go mbreithneofaí Bille nó tuarascáil ó choiste tráthnóna Déardaoin fógra a thabhairt don Choiste Gnó.
Ba le glacadh Bhuan-Ordú 27A ón Dáil a bunaíodh an Coiste Gnó.