Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide (32ú Dáil)

Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.

Bunaíodh an Coiste chun breithniú a dhéanamh ar an Tríú Tuarascáil agus na Moltaí ón Tionól Saoránach dar teideal ‘Conas is féidir leis an Stát a chinntiú go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta maidir le dul i ngleic leis an Athrú Aeráide’.

D’fhoilsigh an Coiste a thuarascáil, dar teideal Athrú Aeráide: Comhréiteach Traspháirtí don Ghníomhú, ar an 28 Márta 2019.

Bunaíodh an Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide i mí Iúil 2018 trí rún de chuid na Dála agus rún de chuid an tSeanaid. Leasaíodh a orduithe tagartha ó shin i leith, go deireanach ar an 8 Bealtaine 2019, trí rún sa Dáil agus rún sa Seanad

Barr
Roinn