Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Chuntais Phoiblí (32ú Dáil)

Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.

De bharr a róil mar choiste faire ar chaiteachas poiblí, tá an Coiste um Chuntais Phoiblí ar cheann de na Coistí Oireachtais is cumhachtaí dá bhfuil ann.

Comhlíonann sé ról tábhachtach lena chinntiú go bhfuil cuntasacht agus trédhearcacht ag baint leis an dóigh a ndéanann gníomhaireachtaí Rialtais a gcuid airgid a leithdháileadh, a chaitheamh agus a bhainistiú agus lena chinntiú go bhfaigheann an cáiníocóir luach ar airgead i gcónaí.

Buanchoiste de chuid na Dála is ea an Coiste um Chuntais Phoiblí. Tá freagracht air as tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar chaiteachas roinne agus ar chuntais áirithe eile a scrúdú agus as tuairisc a thabhairt ina leith. Chomh maith leis sin, breithníonn sé Tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na scrúduithe a rinne sé nó sí ar na nithe seo: barainneacht, éifeachtúlacht, córais mheastóireachta éifeachtachta, nósanna imeachta agus cleachtais.

Ba le glacadh Bhuan-Ordú 186 ón Dáil a bunaíodh an Coiste um Chuntais Phoiblí.

Féach Buan-Orduithe Dháil Éireann

Barr
Roinn