Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta (32ú Dáil)

Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.

Imríonn an coiste ról tábhachtach i mbonn eolais a chur faoin bplé ar réimsí tábhachtacha comhleasa maidir le comhar Thuaidh-Theas. Tá an coiste comhdhéanta de Chomhaltaí Oireachtais agus d'Fheisirí Thuaisceart Éireann. Tugann sé an deis naisc níos fearr agus idirphlé a chothú idir lucht parlaiminte ar an dá thaobh den Teorainn.
Oibríonn an coiste ar fud roinnt réimsí tábhachtacha, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas:

  • Saincheisteanna athmhuintearais, lena n-áirítear éisteacht leis na daoine agus na grúpaí lena mbaineann i ndáil le saincheisteanna oidhreachta mar aon le lámh a shíneadh amach chuig pobail ilchineálacha
  • Saincheisteanna comórtha, lena n-áirítear na cuimhneacháin shuntasacha a bheidh ar siúl sna deich mbliana le teacht a bhreithniú
  • Comhar Thuaidh-Theas i réimsí earnálacha amhail an tsláinte, iompar, oideachas, talmhaíocht, turasóireacht agus cultúr, agus aird ar leith á tabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh an Breatimeacht a imirt
  • Cláir chistiúcháin, agus aird ar leith á tabhairt ar an airgead a chuirfear ar fáil sa todhchaí do chláir a bhaineann leis an tsíocháin

Glacann an coiste páirt i gcruinnithe neamhfhoirmiúla agus i gcuairteanna for-rochtana ar Thuaisceart Éireann. Déanann sé amhlaidh chun caidreamh a chothú agus tuiscint chomhchoiteann a chur chun cinn ar na pobail agus na príomhpháirtithe leasmhara go léir ar an dá thaobh den Teorainn. Imríonn sé ról tábhachtach i mbonn eolais a chur faoin bplé ar réimsí tábhachtacha comhleasa amhail comhar eacnamaíoch Thuaidh-Theas, go háirithe i réimse na turasóireachta, i réimse an bhonneagair iompair agus chumarsáide agus i réimse na talmhaíochta; an t-athmhuintearas agus comhrac an tseicteachais; comhar Trasteorann ó thaobh na póilíneachta de; agus an caidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.


Mar chuid dá shainchúram, féadfaidh an coiste iarraidh ar Airí Rialtais, ar eagraíochtaí Stáit sa Tuaisceart agus sa Deisceart, ar ghrúpaí ionadaíocha agus ar dhaoine aonair leasmhara labhairt os a chomhair le go mbeidh sé in ann a gcuid tuairimí a fháil faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus faoi chomhar trasteorann.

Léigh an rún ón Dáil agus an rún ón Seanad chun an coiste a bhunú.

Barr
Roinn