Tá a chuid oibre críochnaithe ag an gCoiste.
Bunaíodh Roghchoiste Bhuan-Ordú 112 (Dáil Éireann) chun fanacht i bhfeidhm go dtí go mbunófaí roghchoistí an 32ú Dáil. Cuireadh an coiste idirthréimhseach ar bun mar bheart eatramhach chun cumhachtaí an Oireachtais faoi Chonradh Liospóin a fheidhmiú, go háirithe chun a áirithiú go gcloífeadh dréachtghníomhartha reachtacha AE le “prionsabal na coimhdeachta” mar a shainmhínítear faoin gConradh. Tháinig deireadh leis an gcoiste tar éis gur bunaíodh na coistí earnála Oireachtais an 16 Meitheamh 2016.
Ba le glacadh Bhuan-Ordú 112 ón Dáil a bunaíodh an roghchoiste.
Féach Buan-Orduithe Dháil Éireann.