Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir

Leanann an Coiste obair na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Athraíodh ainm an Choiste i rith théarma na Dála (an 24 Bealtaine 2021); ba é an Coiste um Thalmhaíocht agus Muir a bhíodh air roimhe sin.

Chomhaontaigh Dáil Éireann leis an tairiscint chun ainm an Choiste a athrú ar an 21 Aibreán 2021 agus chomhaontaigh Seanad Éireann leis an tairiscint chun ainm an Choiste a athrú ar an 24 Bealtaine 2021.

Cuireann na Coistí Oireachtais comhairle ar Thithe an Oireachtais maidir le raon réimsí ar leith. Bíonn Teachtaí Dála, Seanadóirí nó Teachtaí Dála agus Seanadóirí mar chomhaltaí na gcoistí. Faigheann coistí aighneachtaí agus cuir i láthair ón bpobal, ó ghrúpaí leasmhara agus ó Ranna Rialtais. Craoltar a gcruinnithe poiblí beo agus taifeadtar iad agus féadfaidh siad tuarascálacha a fhoilsiú ar shaincheisteanna ar leith. Scrúdaíonn coistí caiteachas Rialtais agus déanann siad díospóireacht ar reachtaíocht bheartaithe chomh maith.

An Cathaoirleach

Léargas an Chathaoirligh: Jackie Cahill

Meitheamh 2022 Tugann Jackie Cahill, Cathaoirleach an Choiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir, tuilleadh sonraí maidir lena chúlra talmhaíochta agus pléann sé na dúshláin a imreoidh tionchar ar inbhuanaitheacht san fheirmeoireacht uaidh seo amach. Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais.

Amharc ar an bhfíseán

Barr
Roinn