Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid

Tá an buiséad lárnach do chinntí ar an gcaoi a leithdháiltear acmhainní náisiúnta.

Cuireann an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) béim ar ról na parlaiminte i bpróiseas mionscrúdaithe an bhuiséid:

“...tá ról bunúsach ag an bparlaimint náisiúnta sna cinntí a údaraíonn an buiséad agus chun cúram a chur ar an rialtas...”
Moladh OECD ón gComhairle maidir le Rialachas Buiséadach (2015)

Ba le glacadh Bhuan-Ordú 186A ón Dáil a bunaíodh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid an 21 Iúil 2016 chun leibhéal rannpháirtíochta an Oireachtais sa phróiseas mionscrúdaithe buiséid a fheabhsú.

Is féidir leis an gcoiste é sin a bhaint amach mar seo a leanas:

  • Mionscrúdú ex-ante (roimh an imeacht) a dhéanamh ar roghanna ioncaim agus caiteachais roimh an mbuiséad
  • Mionscrúdú ex-post (tar éis an imeachta) a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar bhearta buiséid nó chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir caiteachas buiséadaithe nó réamh-mheastacháin ioncaim a chur i gcomparáid le torthaí
  • Monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí maicreacnamaíochta agus ar rioscaí fioscacha
  • Oibriú le Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann (IFAC) chun a measúnuithe fioscacha rialta a fháil
  • Tuarascáil réamhbhuiséid a ullmhú gach bliain

Faigheann próiseas mionscrúdaithe buiséid an choiste treoir freisin ó thaighde fianaise-bhunaithe agus ó anailís a dhéanann an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OPB), oifig neamhspleách. Bunaíodh OPB tar éis moladh a rinneadh in Athbhreithniú OECD ar mhaoirsiú buiséid na parlaiminte: Éire (Samhain 2015).

Tá téarmaí tagartha an choiste le fáil i mBuan-Ordú 186A. Féach ar an tairiscint chun Buan-Ordú 186A a ghlacadh nó féach ar Bhuan-Orduithe Dháil Éireann.

Barr
Roinn