Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige

Breithníonn an Coiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht agus Óige caiteachas, riarachán agus beartas na Roinne Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige agus na gcomhlachtaí Stáit laistigh de fhreagracht na Roinne agus tugann sé tuairisc do Thithe an Oireachtais ina leith. Tagann reachtaíocht agus ábhair de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an roinn agus lena cuid comhlachtaí faoi shainchúram an Choiste freisin.

Athraíodh ainm an Choiste i rith théarma na Dála (an 24 Bealtaine 2021); ba é an Coiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht a bhíodh air roimhe sin.

Chomhaontaigh Dáil Éireann leis an tairiscint chun ainm an Choiste a athrú ar an 21 Aibreán 2021 agus chomhaontaigh Seanad Éireann leis an tairiscint chun ainm an Choiste a athrú ar an 24 Bealtaine 2021.

Cuireann na Coistí Oireachtais comhairle ar Thithe an Oireachtais maidir le raon réimsí ar leith. Bíonn Teachtaí Dála, Seanadóirí nó Teachtaí Dála agus Seanadóirí mar chomhaltaí na gcoistí. Faigheann coistí aighneachtaí agus cuir i láthair ón bpobal, ó ghrúpaí leasmhara agus ó Ranna Rialtais. Craoltar a gcruinnithe poiblí beo agus taifeadtar iad agus féadfaidh siad tuarascálacha a fhoilsiú ar shaincheisteanna ar leith. Scrúdaíonn coistí caiteachas Rialtais agus déanann siad díospóireacht ar reachtaíocht bheartaithe chomh maith.

An Cathaoirleach

Léargas an Chathaoirligh: Kathleen Funchion

Meitheamh 2022 Cuireann Cathaoirleach an Choiste um Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige in iúl go bhfuil áthas uirthi agus gur mór an onóir di a bheith ceaptha mar Chathaoirleach an Choiste agus míníonn sí próisis oibríochtúla an Choiste, rudaí a chinntíonn go ndéantar a chuid oibre go measúil Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais. Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais.

Amharc ar an bhfíseán

Barr
Roinn