Bunaíodh an Coiste chun machnamh a dhéanamh ar threonna beartais i ndáil leis na Príomhcheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an Lucht Siúil.
Tá sé mar aidhm ag an gCoiste comhthoil a bhaint amach, bunaithe ar phrionsabail chearta an duine, ar threonna beartais i ndáil leis na príomhcheisteanna seo a leanas a mbíonn tionchar acu ar an Lucht Siúil
- sláinte choirp, meabhairshláinte agus leibhéil an fhéinmharaithe
- líon na ndaoine a chríochnaíonn an scoil agus a fhaigheann oideachas, go háirithe ar an dara agus ar an tríú leibhéal i gcomparáid leis an bpobal socraithe
- rannpháirtíocht sa mhargadh fostaíochta, maidir le ráta dífhostaíochta 80% i measc daoine den Lucht Siúil
- rochtain ar thithíocht agus ar chóiríocht, lena n-áirítear cóiríocht atá dírithe ar dhaoine den Lucht Siúil, i gcomhthéacs ráta easpa dídine i bhfad níos airde a bheith i measc daoine den Lucht Siúil i gcomparáid leis an bpobal socraithe
Tá an Coiste chun a thuarascáil dheiridh a chur faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais laistigh de shé mhí óna chéad chruinniú poiblí agus leis sin beidh sé lánscortha.
Leag rún an tSeanaid chun an Coiste a bhunú téarmaí tagartha iomlána an Choiste amach.