Breithníonn an Coiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála nithe a bhaineann le nós imeachta go ginearálta, lena n-áirítear an nós imeachta i mBuanchoistí, Roghchoistí nó Coistí speisialta, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh maidir le leasuithe ar Bhuan-Orduithe.
Déanann an Coiste machnamh agus moltaí freisin maidir le Buanchoiste, Roghchoiste nó Coiste speisialta nua a bhunú.
Tá sé de chumhacht ag an gCoiste:
- fochoistí a cheapadh
- sainchomhairleoirí a fhostú
- taisteal
- tuarascálacha a priontáil agus a fhoilsiú agus fochoistí a údarú chun tuairisciú díreach don Dáil
Ceapadh an Coiste trí Bhuan-Ordú nua a glacadh an 5 Márta 2020.
Léigh an tairiscint i nDáil Éireann chun an Coiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála a bhunú