Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Nithe a bhaineann le Míchumas

Déanann an Coiste breithniú ar ghnóthaí míchumais lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chur chun feidhme.

Is mór an onóir don Choiste tuairisc a fháil ó dhaoine faoi mhíchumas, agus óna n-eagraíochtaí ionadaíocha chun leanúint ar aghaidh ag déanamh eolas d’obair an Choiste.

Téarmaí tagartha

Ar an 25 Meán Fómhair 2020 d’aontaigh Seanad Éireann an tOrdú Bunaithe do chomhdhéanamh an Roghchoiste. D’fhoilsigh an Coiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú tuarascáil (PDF) lena leasaítear an tOrdú Tagartha don Choiste agus a aontaíodh sa Seanad ar an 24 Bealtaine 2021.

D’aontaigh Dáil Éireann Orduithe Tagartha Roghchoiste na Dála ar an 22 Meán Fómhair 2020 agus leasaíodh iad ar an 21 Aibreán 2021, tar éis tuarascálacha ón gCoiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála ar an 17 Meán Fómhair 2020 (PDF) agus an 14 Aibreán 2021 (PDF).

Barr
Roinn