Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint

Breithníonn an Coiste Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint caiteachas, riarachán agus beartas na Roinne Cosanta agus na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus tugann sé tuairisc do Thithe an Oireachtais ina leith. Chomh maith leis sin, breithníonn sé nithe an Aontais Eorpaigh atá faoi shainchúram na Roinne.

Cuireann na Coistí Oireachtais comhairle ar Thithe an Oireachtais maidir le raon réimsí ar leith. Bíonn Teachtaí Dála, Seanadóirí nó Teachtaí Dála agus Seanadóirí mar chomhaltaí na gcoistí. Faigheann coistí aighneachtaí agus cuir i láthair ón bpobal, ó ghrúpaí leasmhara agus ó Ranna Rialtais. Craoltar a gcruinnithe poiblí beo agus taifeadtar iad agus féadfaidh siad tuarascálacha a fhoilsiú ar shaincheisteanna ar leith. Scrúdaíonn coistí caiteachas Rialtais agus déanann siad díospóireacht ar reachtaíocht bheartaithe chomh maith.

An Cathaoirleach

Léargas an Chathaoirligh: Charles Flanagan

Meitheamh 2022 tarraingíonn Charles Flanagan, Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint, aird ar thábhacht obair an Choiste agus a ról maidir le monatóireacht ar Chúrsaí Daonnúla san Úcráin. Cuid de The Chair Series ar Theilifís an Oireachtais.

Amharc ar an bhfíseán

Barr
Roinn