Bunaíodh an Coiste Speisialta seo chun na moltaí atá i dTuarascáil an Tionóil Saoránach um Chomhionannas Inscne a bhreithniú.
Tá na téarmaí tagartha sa tairiscint chun an Coiste a bhunú arna aontú ag Seanad Éireann ar an 7 Nollaig 2021. Chomhaontaigh Dáil Éireann leis an tairiscint chun an Coiste a bhunú ar an 9 Samhain 2021.
Tabharfaidh an Coiste tuarascáil don Dáil agus don Seanad araon laistigh de naoi mí óna gcéad chruinniú poiblí.