Comhlíonann an Roghchoiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann na feidhmeanna a tugadh dó leis na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, agus Buan-Ordú 121.
Is iad seo na feidhmeanna sin:
• treoirlínte a dhréachtú agus a fhoilsiú maidir le bearta atá le déanamh ag Comhaltaí chun a chinntiú go bhfuil na hAchtanna á gcomhlíonadh acu
• cód iompair do Chomhaltaí a dhréachtú
• comhairle a chur ar Chomhaltaí faoi fhorálacha na nAchtanna
• sáruithe líomhnaithe ar na hAchtanna ag Comhaltaí a imscrúdú
Féach Buan-Orduithe Dháil Éireann.