Comhlíonann an Roghchoiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann na feidhmeanna a tugadh dó leis na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001.
Is iad na feidhmeanna sin:
- treoirlínte a dhréachtú agus a fhoilsiú maidir le bearta atá le déanamh ag Comhaltaí chun a chinntiú go bhfuil na hAchtanna á gcomhlíonadh acu
- cód iompair do Chomhaltaí a dhréachtú
- comhairle a chur ar Chomhaltaí faoi fhorálacha na nAchtanna
- sáruithe líomhnaithe ar na hAchtanna ag Comhaltaí a imscrúdú
Ba le glacadh Bhuan-Ordú 99 ón Seanad a bunaíodh an Roghchoiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann.