Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú (Seanad Éireann)

Athraíodh ainm an Choiste ón gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí an 16 Nollaig 2020.

Buanchoiste is ea an Coiste agus tá a théarmaí tagartha leagtha amach i mBuanordú athbhreithnithe 98.

Breithníonn an Coiste nithe a bhaineann le Buan-Orduithe agus na pribhléidí parlaiminteacha a ghabhann le comhaltas Sheanad Éireann agus déanann maoirseacht tríd is tríd ar nós imeachta.   Gníomhaíonn an Coiste anois go tréimhsiúil mar an Coiste um Mhaoirseacht Sainchúraim.

Nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag aithrisí

Tá gach ráiteas a dhéantar le linn imeachtaí an Oireachtais faoi phribhléid faoi Bhunreacht na hÉireann.

Má cheapann tú go raibh tionchar tromchúiseach ag aithris i Seomra na Dála, i Seomra an tSeanaid nó i gCoiste Oireachtais ort, lean an próiseas a bhfuil cuntas air sa rannán Díospóireachtaí den suíomh gréasáin seo.

  • Ionas go mbeidh feidhm leis an bpróiseas seo, ní mór dóchúlacht shuntasach a bheith ann go raibh tionchar tromchúiseach ag aithris ort.
  • Beidh feidhm ag an bpróiseas seo is cuma más Teachta nó Seanadóir a bhí sa té a labhair, nó má bhí siad i láthair i gcáil éigin eile, mar fhinné cuir i gcás agus iad os comhair Coiste Oireachtais.
  • Tá freagraí ar Cheisteanna Parlaiminte san áireamh sa phróiseas seo, toisc go bhfoilsítear iad sa Tuairisc Oifigiúil ar na Díospóireachtaí.

Má tá tú míshásta leis an gcinneadh a dhéanann an Cathaoirleach ar d’aighneacht (nó má theipeann ar an gCathaoirleach ceann a dhéanamh laistigh de shé seachtaine ó d’aighneacht a bheith faighte ag an gCléireach) is féidir leat aighneacht eile a dhéanamh don Choiste seo tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis an chéad aighneacht a dhéanamh.

Chun na sonraí iomlána a fháil, féach Buan-Ordú 49B.

Barr
Roinn