Bunaíodh an Coiste Oireachtais speisialta ar an 6 Bealtaine 2020 le breith a dhéanamh agus fianaise a ghlacadh ar fhreagra an Stáit ar phaindéim Covid-19.
Leagtar amach téarmaí tagartha an Choiste i Riar na hOibre Forlíontach de chuid na Dála ó Dé Céadaoin, 6 Bealtaine 2020.
D’fhoilsigh an Coiste a thuarascáil agus leag sé faoi bhráid Thithe an Oireachtais í ar an 8 Deireadh Fómhair 2020. Tá obair an Choiste curtha i gcrích.