Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin

Leanann an Coiste obair na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán, ag díriú ar na réimsí seo a leanas atá faoi shainchúram na Roinne: turasóireacht, cultúr, na healaíona, spórt agus na meáin.

Athraíodh ainm an Choiste i rith théarma na Dála (an 24 Bealtaine 2021); ba é An Coiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht a bhíodh air roimhe sin. Chomhaontaigh Dáil Éireann leis an tairiscint chun ainm an Choiste a athrú ar an 21 Aibreán 2021 agus chomhaontaigh Seanad Éireann leis an tairiscint chun ainm an Choiste a athrú ar an 24 Bealtaine 2021.

Is é feidhm an Roghchoiste breithniú a dhéanamh ar Bhillí, Meastacháin agus gnó eile a chuireann Dáil Éireann faoina bhráid a bhaineann leis an Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Anuas ar an obair lárnach sin, tá sé de chumhacht ag an gComhchoiste freisin breithniú a dhéanamh ar scrúdú scéim ghinearálta nó dréacht-cheannteidil Billí agus chun breithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil iar-achtaithe ar aon Bhille a achtaíonn Tithe an Oireachtais i ndáil leis an Roinn.

Barr
Roinn