Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

Grúpa Oibre na gCathaoirleach Coiste

Is é príomhchuspóir Ghrúpa Oibre na gCathaoirleach Coiste teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar ábhar a dhéanann difear do sheirbhísí do Choistí agus ar ábhar ar leas coiteann do Chathaoirligh iad.

Tá sé de chumhacht ag an nGrúpa Oibre moltaí a dhéanamh maidir le cionroinnt airgid le haghaidh sainchomhairliúcháin agus taistil agus maidir le leithdháileadh cóiríochta le haghaidh cruinnithe Coiste. Tionóltar an chuid is mó de chruinnithe an Choiste go príobháideach. Mar sin féin, luaitear i dtéarmaí tagartha an choiste go dtiocfaidh an Taoiseach os comhair an choiste faoi dhó sa bhliain, san earrach agus san fhómhar, chun nithe a bhaineann le beartas poiblí a phlé.

Tagann cumhachtaí Ghrúpa Oibre na gCathaoirleach Coiste ó Bhuan-Ordú 120 de chuid Dháil Éireann agus ó Bhuan-Ordú 107 de chuid Sheanad Éireann.

Féach ar Bhuan-Orduithe Dháil Éireann agus ar Bhuan-Orduithe Sheanad Éireann

Tugadh Working Group of Committee Chairmen ar Ghrúpa Oibre na gCathaoirleach Coiste roimhe seo.

Barr
Roinn