Breithníonn an Coiste Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint caiteachas, riarachán agus beartas na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus tugann sé tuairisc do Thithe an Oireachtais ina leith. Chomh maith leis sin, breithníonn sé nithe an Aontais Eorpaigh atá faoi shainchúram na Roinne.
Cuireann na Coistí Oireachtais comhairle ar Thithe an Oireachtais maidir le raon réimsí ar leith. Bíonn Teachtaí Dála, Seanadóirí nó Teachtaí Dála agus Seanadóirí mar chomhaltaí na gcoistí. Faigheann coistí aighneachtaí agus cuir i láthair ón bpobal, ó ghrúpaí leasmhara agus ó Ranna Rialtais. Craoltar a gcruinnithe poiblí beo agus taifeadtar iad agus féadfaidh siad tuarascálacha a fhoilsiú ar shaincheisteanna ar leith. Scrúdaíonn coistí caiteachas Rialtais agus déanann siad díospóireacht ar reachtaíocht bheartaithe chomh maith.