Déanann an Coiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht breithniú ar chaiteachas, riarachán agus beartas na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na gcomhlachtaí faoi choimirce na roinne agus tugann sé tuairisc do Dháil Éireann ina leith. Tagann reachtaíocht agus ábhair de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an roinn agus lena cuid comhlachtaí faoi shainchúram an choiste freisin.