Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Feidhmeanna, cumhachtaí agus sainchúram na gComhchoistí Rannacha

Bunaítear Comhchoistí Rannacha go hiondúil chun breathnú ar chúrsaí caiteachais, riaracháin agus beartais a bhaineann leis na Ranna Stáit éagsúla agus le comhlachtaí poiblí gaolmhara. Tagraítear dóibh go minic mar Choistí Rannacha nó mar Choistí Earnála.

Bíonn gach Comhchoiste comhdhéanta de Roghchoiste ó gach aon Teach agus dá bharr sin bíonn baill ó dhá Theach an Oireachtais ag suí orthu. Bunaítear Comhchoistí go hiondúil le hordú do théarma na Dála.

Déantar imeachtaí Comhchoistí (mar aon le cineálacha eile Coistí ar nós Roghchoistí, Coistí Seasta nó Coistí Speisialta) a rialú, le haon leasuithe riachtanacha, faoi na rialacha céanna a bhaineann leis an Dáil agus, de réir mar is cuí, leis an Seanad. Baineann rialacha na gComhchoistí lena gcuid fo-Choistí chomh maith.

Leagtar amach cumhachtaí agus feidhmeanna Comhchoistí Rannacha i mBuan-Orduithe Dháil Éireann (DSO) agus i mBuan-Orduithe Sheanad Éireann (SSO). Áirítear Buan-Orduithe cuí na Dála (DSO 94, 95 agus 96) i dTuarascáil an Choiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála dar dáta an 22 Iúil 2020 agus d’fhaomhaigh Dáil Éireann iad ar an 28 Iúil 2020. Áirítear Buan-Orduithe coibhéiseacha an tSeanaid (SSO 70, 71 agus 72) sa Dara Tuarascáil de chuid Choiste an tSeanaid um Nósanna Imeachta agus Pribhléidí dar dáta an 30 Iúil 2020 agus d’fhaomhaigh Seanad Éireann iad ar an 31 Iúil 2020.

Naisc chuig na Buan-Orduithe ábhartha

A. Feidhmeanna Comhchoistí Rannacha
Leagtar amach feidhmeanna Coistí in DSO 95 agus ina choibhéis SSO 71.

B. Cumhachtaí Comhchoistí Rannacha
Leagtar amach cumhachtaí Coistí in DSO 96 agus ina choibhéis SSO 72.

C. Sainchúram Comhchoistí
Chomh maith leis na cumhachtaí agus na feidhmeanna a thugtar do Choistí nuair a bhunaítear iad, caithfidh gach Coiste Oireachtais feidhmiú taobh istigh dá shainchúram, is é sin an raon feidhme agus an comhthéacs gníomhaíochtaí a leagtar amach dó in DSO 94  agus ina choibhéis SSO 70.

Barr
Roinn